Féile Idircheilteach in An Oriant sa Bhriotáin

Cathal Ó Murchú 

Gach bliain ó 1970 i leith, seachas blianta na paindéime, 2020 agus 2021, tá féile idircheilteach ar siúl in An Oriant (Lorient) i ndeisceart na Briotáine. Tá an Oriant féin ar comh-mhéid le Cathair na Gaillimhe. Tá an Bhriotáin, ceann de na sé thír Cheilteacha a bhfuil teanga Cheilteach iontu, in iarthuaisceart na Fraince. Is iad na tíortha Ceilteacha eile a bhfuil teanga acu Éire, Albain, Oileán Mhanann, an Bhreatain Bheag agus Corn na Breataine. Tá an Bhriotáinis, fós á labhairt sa Bhriotáin. Chomh maith leis na sé thír Cheilteacha sin a bhfuil teanga Cheilteach acu, bíonn toscaireachtaí ón Ghailís agus ó Asturias, cúigí sa Spáinn a bhfuil oidhreacht Cheilteach acu, páirteach san Fhéile Idircheilteach freisin.

I mbliana tá an fhéile ar siúl ón 1 go dtí an 10 Lúnasa. Bíonn téama ar leith ag an bhféile gach bliain agus i mbliana Is é téama na féile na col ceathracha Meiriceánacha. Déanann an fhéile ceiliúradh ar chultúr comónta na gCeilteach idir cheol, cultúr, rince, píobaireacht, teanga, agus amhránaíocht go príomha. Déantar ceiliúr ar ealaín, ceardaíocht agus stair chomh maith. Tagann buíonta ó na tíortha éagsúla chuig an bhféile agus cuirtear lóistín, bia, deoch agus taisteal saor in aisce ar fáil dóibh.

Cosúil le Fleadh Cheoil na hÉireann bíonn comórtais de gach saghas ar siúl le linn na féile, sa phíobaireacht, damhsa agus seinm uirlisí. I mbliana tá comórtas Eorpach sa pheil Ghaelach idir tíortha lasmuigh d’Éirinn ar siúl, le foirne fear agus ban páirteach.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.