Deireadh le ré Drew Harris mar Choimisinéir na nGardaí agus Justin Ó Ceallaigh tagtha i gcomharbacht air

Kerron Ó Luain

Ceapadh Justin Ó Ceallaigh mar Choimisinéir nua na nGardaí le linn na seachtaine. Tagann sé i gcomharbach ar Drew Harris. Bhí míshuaimhneas inmheánach, míshástacht i measc an phobail agus leasuithe conspóideacha le sonrú le linn ré Harris. Is oifigeach de chuid na nGardaí fadbhunaithe é Ó Ceallaigh, agus meastar gur comhartha é a cheapachán go bhfillfear ar an gceannaireacht inmheánach i ndiaidh na gconspóidí a bhain le ceapachán Harris, an chéad choimisinéir a raibh cúlra aige i bhfórsa póilíneachta seachtrach.

Is ó chúlra sa SPTÉ a tháinig Harris agus ceapadh é in 2018 chun gairmiúlacht an fhórsa a fheabhsú agus chun dul i mbun an nuachóirithe. Cé gur deineadh dul chun cinn i bhfreagracht inmheánach na nGardaí a fheabhsú, lena n-áirítear bearta smacht agus ionchúisimh i ngeall ar chaimiléireacht, bhí gnáth-Ghardaí ag éirí amach i gcoinne Harris faoi dheireadh.

Chuir tromlach ollmhór de Chumann Ionadaíochtana an Gharda Síocha a n-easpa muiníne in Harris in iúl ag a gcomhdháil in 2023. Cháin ionadaithe ghnáthbhaill na nGardaí Harris as múnla rannáin póilíneachta a úsáidtear sa Ríocht Aontaithe a chur i bhfeidhm, rud a dúradh a rinneadh beag is fiú den phóilíneacht phobail agus a chothaigh cultúr ceannaireachta maorlathach.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.