Céard iad na focail Ghaeilge is fearr leat? Uachtar reoite? Féileacáin? Nó céard faoi bheacha ag crónán? Bhuel faigheann tú na focail sin i gcroílár bailiúcháin iontaigh ó pháistí bunscoile i gclos-scéal nua Lá ar an Trá.
Is scéal dátheangeach é léirithe ag Rose Producing mar chuid de thionscadal dar teideal Éist ar siúl i rith an tsamhraidh. Is féidir leat an scéal a chloisteáil anseo: https://superpaua.podbean.com/e/la-ar-an-tra/

Bhí páistí sna leabharlanna i gContae Loch Garman thar a bheith gnóthach ag freastal ar cheardlanna scéalaíochta leis an scríbhneoir Alison Ní Mháirtín.
Rinneadh ransú smaointe le haghaidh an tionscadail trí mheascán de dhrámaíocht agus gníomhaíochtaí fuaime, trí tharraingt agus féachaint ar an rogha leabhar álainn Gaeilge atá le tairiscint ag an leabharlann.
“Bhí na páistí go léir chomh hinspioráideach,” arsa Alison. “Bhí roinnt focail choitianta ann – go háirithe uachtar reoite mar bhí an aimsir chomh te i mbliana! Is iomaí cor sa saol agus cloisfidh tú nach bhfuil aon difear idir muidne agus na carachtair sa scéal sin.”
Leanann an scéal Áine, Teidí agus Mamaí ag dul ar thuras chuig a dtrá áitiúil. Ach mar a fhaigheann siad agus cara nua amach, níl gach rud mar is gnách. Tógadh na páistí le ceol na teanga agus, mar sin, tá dlúthcheangal idir an scéal agus rím agus rithim. Cé go bhfuil sé dírithe lucht éisteachta 5+, tá sé oiriúnach d’achan aois.
Cuireann Miriam Needham, as Liatroim, beocht sna carachtair lena scileanna aisteoireachta. Is í Heather Rose ó Shligeach an stiúrthóir agus rinne Jonas Dellow an fhuaim. Mar is eol daoibh, tá nasc láidir idir samhradh agus pubaill.

Bhí sé cuí mar sin go raibh pubaill ghleoite ina seasamh sna leabharlanna i rith an tionscadail chun deis a thabhairt do pháistí clos-scéalta eile a chloisteáil.
Agus ní féidir na torthaí a shárú, measann Alison. Is as Baile Átha Cliath di ó dhúchas agus tá cónaí uirthi i mBaile Loch Garman anois lena triúr clainne.
Is ceiliúradh teanga agus cruthaitheachta é Lá ar an Trá agus rinneadh é le tacaíocht ón gclár Éire Ildánach, Comhairle Contae Loch Garman agus an rialtas áitiúil.
Agus beidh ceardlanna Scéalta & Sound ar siúl an tseachtain seo chugainn le Alison sna leabharlanna chun seoladh an scéil a chomóradh le spraoi agus gníomhaíochtaí. Tá na sonraí thíos agus is féidir tuilleadh eolais a fháil ar https://www.wexfordcoco.ie/ga/leabharlanna
- Loch Garman, Dé Sathairn an 23ú Lúnasa ag 11 am
- Bun Clóidí, Dé Luain an 25 Lúnasa ag 11 am
- Ros Mhic Thriúin, Dé Máirt an 26 Lúnasa ag 11 am
Tá tuilleadh eolais faoin tionscadal le fáil ó hroseproducing@gmail.com www.roseproducing.com