Agus Fleadh Cheoil na hÉireann thart breathnaíonn Caoimhín Ó Cadhla ar cheol na hÉireann.
Le 700,000 duine ag freastal ar an Fhleadh Cheoil is léir go bhfuil an-tóir ar cheol na hÉireann.
Saghsanna ceoil éagsúla
Is féidir ceol uirlise agus an amhránaíocht a idirdhealú. I dtaobh an cheoil uirlise de, is iad poirt agus ríleanna dhá phríomhstíl an cheoil Ghaelaighceol Gaelach. Ach tá stíleanna eile ann: cornphíopa, port luascach, slide, polca, sraithspé, flaing Albanach agus go leor eile. Sna hamhráin tá caoineadh, amhrán saothair, laoi Fiannaíochta, amhrán diaga, amhrán grá, amhrán grinn, aisling, amhrán macarónach, amhrán tírghrá agus go leor leor eile. I litríocht na Meánaoise ní raibh ach trí shaghas ceoil ann, sin é goltraí, geantraí agus suantraí.
Stair cheol na hÉireann
Tá sé deacair stair cheol na hÉireann a rianú de bharr nár tosaíodh a thaifeadadh ceoil go dtí an 19ú haois. Tá tá sé deacair mar sin aois a chur ar phort nó amhrán. Caithfear sin a oibriú amach ón gcomhthéacs. Tá, mar sin féin, tagairtí sa litríocht do cheol na hÉireann. Mar shampla tá plaic ar chumhdach thaisí Mhaodhóg ón 11ú céad ar a bhfuil íomhá de chláirseoir. Níos sine fós tá píobaire le feiceáil ar Chros na Scrioptúr i gCluain Mhic Nóis ón 10ú céad. Is í uirlis is sine atá againn sa lá inniu cláirseach ón 14ú céad ar a dtugtar cláirseach Bhriain Bóraimhe (ar ndóigh, mar Brian san 11ú haois). Deirtear faoi na laoithe Fiannaíochta go bhfuil siad chomh sean sin gur meán-Gaeilge a bhíonn á canadh ag an amhránaí. Téann cuid de na laoithe siar go dtí an 12ú haois. An ceol is sine gur féidir a dhearbhú ná Máirseáil Rí Laoise a théann siar go dtí an 16ú haois. Is féidir leis na hamhráin Ghaeilge léiriú a thabhairt ar chúrsaí sochtheangeolaíochta ag am ar chumadh iad, mar shampla, an tamhrán Shliabh na mBan faoi Chath in Éirí Amach 1798, a bhainean le Contae Thiobraid Árainn, ach faoin am a ndearnadh an chéad taifead fuaime de in 1928, is i nGaeltacht na nDéise a fuarthas é.
An phíb mhór
An uirlis cheoil nó uirlis chogaidh a bhí sa phíb mhór? Bhí an nós ann an phíb mhór a sheinm ar láthair chatha. Tá an phíb mhór le fáil in Éirinn agus in Albain.
Píb uilleann
Chuir Reachtanna Chill Chainnigh cosc ar shliocht na Sasanach in Éirinn fáilte a chur roimh phíobairí Gaelacha ina measc. Theip ar an iarracht sin stad a chur ar Ghaelú na ngall. Go deimhin, faoi thús an 18ú bhí an-tóir ag uasalaicme na ngall ar an bpíb uilleann. Forbairt mhór a bhí san uirlis nua seo, mar d’fheil sí níos fearr do choirmeacha ceoil sna tithe móra. Cé gur i measc na huasaicme gallda a bhí éileamh ar an bpíb nua uilleann ar dtús, scaip sí ar ball trí íosaicme na nGael.
An bodhrán
Is ar Lá an Dreoilín, is é sin Lá Fhéile Stiofáin, a d’úsáidtí an bodhrán. Sna 1960í thosaigh Seán Ó Riada agus a cheolfhoireann á úsáid agus spreag sin ceoltóirí eile é a úsáid i seisiúin cheoil ó shin i leith. Níl aon amhras ach go gcuireann rithim an bhodhráin le haon seisiún.
An chláirseach
Tá an chláirseach le fáil timpeall an domhain, ach is í Éire an t-aon tír ina bhfuil an uirlis cheoil, an chláirseach mar shiombail den náisiún. Bhí stádas uasal ag cláirseoirí fadó agus bhí an-mheas orthu. Bhí ceol na cláirsí ag dul i léig go déanach san 18ú haois. Bheartaigh D’eagraigh Anraí Mac Reachtain, a dheirfiúr Máire Áine, agus Edward Bunting féile cláirseach in 1792 chun cláirseoirí deireanacha na hÉireann a aimsiú. Ina measc seo Donnchadh Ó hAmhsaigh. Ag an am seo bhí sé 97 bliain d’aois. Bhí sé ag seinm ó 1713. In 1745 bhí sé in Albain nuair a tharla éirí amach na Seacaibíteach ansin agus sheinn sé don Phrionsa Séarlas Stiúbhart, rud a l eirigh an nasc Gaelach fós láidir idir Éire agus Albain ag an am.
An amhránaíocht
Tá cáil ar na Gaeil mar amhránaithe. Go deimhin is í Éire agus an tSualainn an dá thír a bhfuil an líon is mór duaiseanna Eoraifíse acu. Is féidir le hamhrán tionlacan tionlacan a bheith aige, nó a bheith gan tionlacan. Bíonn mothúchán láidir ag baint le cuid de na hamhráin, agus cuireann na hamhránaithe a bhfuinneamh isteach sna hamhráin seo agus iad ag canadh, go háirithe na hamhráin sean-nóis. Tugann na hamhráin seo léargas dúinn ar stair na tíre nach bhfaighidh tú in aon leabhar.

Conclúid
Is léir go bhfuil traidisiún láidir ceoil againn fós sa lá atá inniu ann, fiú amháin tar éis iarrachtaí ar feadh na gcéadta bliain cosc a chur ar ghéithe áirithe dár gceol.
Leabhar maith ar an ábhar seo is ea Ceol agus Rince na hÉireann le Breandán Breathnach.
Tá an cháilíocht Dioplóma do Chéimithe ag Caoimhín Ó Cadhla i mBéaloideas na hÉireann ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath