Cás cúirte Mo Chara curtha ar athló go dtí deireadh mhí Mheán Fómhair

Na céadta ag tacú le Liam Óg Ó hAnnaidh agus é os comhair cúirte i Londain

Jack Mac Íomhair i Londain

Tháinig na céadta chun sráide Dé Chéadaoin chun tacaíaíocht agus dlúthpháirtíocht a léiriú do bhall Kneecap Liam Óg Ó hAnnaidh i Londain.

Bhí léiriú tacaíochta ann do Mo Chara ó Kneecap a bhí cúisithe faoin Acht Sceimhitleoireachta taobh amuigh de Chúirt Westminster.

Maíodh gur thaispeáin Liam Óg brat de chuid an ghrúpa Hezbollah ag gig i Londain an bhliain seo caite. Tá an grúpa Hezbollah toirmscithe ag Rialtas na Ríochta Aontaithe. 

Séanann Liam Óg an cúiseamh agus deir sé go mbaineann an cás le polaitíocht agus go bhfuil sé ann chun Kneecap a chiúnú.

An slua taobh amuigh de Chúirt Westminster Dé Chéadaoin
Grianghraf: Jack Mac Íomhair

Ar an lá bhí thart fá 300 duine i láthair taobh amuigh den chúirt ag tabhairt tacaíocht don fhear óg ó Iarthar Bhéal Feirste. 

Ó 9 a chlog ar aghaidh bhí ardán ann le cainteoirí agus ceoltóirí amhail lena n-áírtear feisire parlaiminte Thuaisceart Bhéal Feirste John Finucane, ball den tionól reachtach d’Iarthar Bhéal Feirste Gerry Carroll, an ceoltóir Jamali Blackman agus an fuirseoir Tadhg Hickey. 

D’fhán an slua ann go dtí gur tháinig Liam Óg, leis na baill eile den bhanna, amach i ndiaidh 1 pm.

Nuair a tháinig siad amach ón chúirt chuaigh siad díreach chuig an ardán chun buíochas a ghabháil leis an scaifte, ach lena rá nach iadsan an scéal.

Lá stairiúl a bhí ann fosta ó thaobh na Gaeilge de, mar cheadaigh an breitheamh ateangaire Gaeilge sa chúirt.

Labhair Ciarán Mac Giolla Bhéin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, a bhí istigh sa chúirt maidir leis seo.

‘Bhí sé dochreidte, go háirithe an dóigh gur phléigh an breitheamh leis ar nós gur rud thar a bheith normálta a bhí ann.’ 

‘Ba é sin an chéad ábhar gnó a bhí ar an chlár. Phléigh siad an mbeadh an t-ateangaire ag aistriú gach rud agus dúradh leis go mbeidh. B’shin é agus ní raibh aon fhadhb leis.’

‘Tá sé suntasach mar rinneadh aisghairm ar an phéindlí deireanach le déanaí. Bhí muid ag súil leis go mbeadh an cead céanna ag saoránaigh ó thuaidh, ach bhí cás ann cúpla seachtain ó shin agus dhiúltaigh an breitheamh Gaeilge a cheadú sa chúirt.’

‘Tá sé iontach ar fad go bhfuil cead ag daoine anseo i lár Londan ag Westminster, seirbhís ateangaireachta a fháil. Agus go bhfuil cead acu Gaeilge a labhairt agus a úsáid. Ach níl an ceart céanna ann i mBéal Feirste.’

‘Léiríonn sé fós an fhorbairt atá le déanamh againn ó thaobh cúrsaí ceart teanga de sna sé chontae.’

Tá foireann dlí Liam Óig ag iarraidh an cás a fháil caite amach mar gheall ar an dóigh ar cuireadh na cúisimh air.

Tá an cás ar athlá anois go dtí an 26 Meán Fómhair agus tá Liam Óg Ó hAnnaidh ar bannaí go dtí sin.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.