An t-athbhreithniúchas i leith Dhónaill Uí Chonaill

An Dr Kerron Ó Luain

Rinneadh comóradh ar an bhFuascailteoir, Dónall Ó Conaill, le déanaí ag a theach breá i nDoire Fhíonáin i gContae Chiarraí. Tá 250 bliain imithe ó rugadh Ó Conaill. Bhí caint ar shráid in Oileán Chiarraí agus Aerfort an Fhearainn Fhuair a athainmniú as. Tá súil agam nár éirigh leis na hiarrachtaí sin. Nach leor é go bhfuil príomhshráid na tíre ainmnithe in ómós dó? 

Dár ndóigh, thapaigh an t-aos polaitiúil, Fianna Fáil go háirithe, an deis dul i mbun plámáis faoin abhcóide mór le rá mar chuid den straitéis athbhreithnitheach staire fhrithphoblachtánach acu. Nochtadh an amaidí seo in 2016 nuair a chroch an comhrialtas meirge ar Chearnóg an Choláiste le linn comóradh ar phoblachtánaigh a léirigh náisiúnaigh bhunreachtúla ar nós Uí Chonaill agus Sheáin Mhic Réamainn, a rinne tréaniarracht poblachtánaigh a threascairt.

Páirtí le tréithe an phoblachtánachais a bhí i bhFianna Fáil tráth dá raibh. Tá an idé-eolaíocht sin caite i dtraipisí acu le fada, dár ndóigh. Ach is tairne eile sa chónra é an plámás a rinne an Taoiseach Micheál Martin ar Ó Conaill ag an gcomóradh air le déanaí. Tadhg an dá thaobhachas atá ar bun ag Martin. Labhraíonn sé ag uaigh Tone lá amháin, agus ag ócáid comórtha d’Ó Conaill lá eile. 

Sheas Ó Conaill glan i gcoinne phrionsabail Tone. Ba fhrithphoblachtánach é. Níor sheas sé ar son cairdss idir “Caitlicigh, Protastúnaigh agus Easaontóirí” mar a sheas Tone.

Bhí Ó Conaill ina bhall de mhílíste i mBaile Átha Cliath, Cór Airtléire na nDlíodóirí, a raibh sé mar aidhm acu Tone agus Emmet agus a gcomrádaithe sna hÉireannaigh Aontaithe a chuir faoi chois in 1798 agus 1803 faoi seach. 

Le linn réabhlóid Emmet in 1803 ghlac Ó Conaill páirt i gcuardaigh chun iarracht na nÉireannach Aontaithe a chur go tóin poill. Blianta ina dhiaidh sin, in 1842, d’fhógair sé os comhair aíonna ina theach breá ar Chearnóg Mhuirfean go raibh “an crochadh tuillte ag Emmet”.

Mhaígh Micheál Martin agus é ag labhairt gur “sheas Ó Conaill ar son na hionchuimsitheachta agus an chomhionannais”. Cé gur fíor seo i gcomhthéacs a ráitis i leith chóras na sclábhaíochta, agus a chairdeas leis an “Ó Conaill Dubh”, Frederick Douglass, ba mhór an dochar a rinne sé d’idéal an chomhionannais idir Protastúnaigh agus Caitlicigh na nÉireannach Aontaithe i gcaitheamh a shaoil. 

Nuair a bhí caint ar na scoileanna náisiúnta a bhunú sna 1820í, ba ar mhúnla neamhsheicteach a moladh iad ar dtús. Ba ghearr go raibh Ó Conaill agus na heaspaig Chaitliceacha, ar theastaigh uathu smacht Caitliceach a chur i bhfeidhm sna scoileanna, glan in aghaidh na scoileanna. Thuigfeá dóibh, ar bhealach, mar bhí iarrachtaí ar bun le fada ag misinéirí Protastúnacha an cosmhuintir Chaitliceach a iompú. 

Ach, bhí fuath níos doimhne ag Ó Conaill ar choincheap an neamhsheicteachais, mar a léirigh a fhreasúra i leith na gcoláistí ríoga neamhsheicteacha, conspóid a thug an teannas idir na hÉireannaigh Óga agus Ó Conaill go cnámh na huillinne sna 1840í. De bharr nach raibh teagasc Caitliceach luaite leis na coláistí, ghlaoigh Ó Conaill “coláistí gan Dia” orthu. 

A mhalairt a bhí ar bun ag Davis. Agus é ag scríobh ar The Nation bhí iarracht á déanamh aige áit i sochaí na hÉireann a chruthú don mhionlach Protastúnach, agus leas á bhaint aige as an nGaeilge agus an náisiúnachas cultúrtha. Shamhlaigh Davis go bhféadfaí leas a bhaint as an oideachas, teanga agus cultúr chun pobal an dá dhreama eitnea-reiligiúnda sa tír a thabhairt le chéile.

Athbhreithniúchas lom atá ar bun ag Martin anseo, agus é ag déanamh tréaniarrachta náisiúnach Caitliceach seicteach ar nós Uí Chonaill a chur ar chomhchéim le poblachtánaigh ar nós Tone agus Davis a sheas ar son an bhráithreachais.

Tá neart eile a d’fhéadfaí a rá faoi Ó Conaill agus a sheasamh i leith na Gaeilge, ceardchumann, an lucht oibre, frithbheartaíocht radacach agus tuilleadh lena chois. Ach mar a bhaineann sé leis an “gcomhionannas” a mhaíonn Martin faoi, is é malairt an scéil atá fíor. Cé gur chruthaigh an comhthéacs coilíneach an seicteachas in Éirinn, bhí ról lárnach ag Ó Conaill mar cheannaire na gCaitliceach i ndeighilt an dá phobail in Éirinn le linn an naoú haois déag.


Is staraí gairmiúil é Kerron Ó Luain a bhain a chéim dhochtúireachta ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.