Breathnaíonn Caoimhín Ó Cadhla ar an bhFéineachas, córas dlí dúchasach na hÉireann

Caoimhín Ó Cadhla

Fothracha scoil dlí Uí Dhabhobharáin i gCathair Mhic Neachtain, Contae an Chláir
Grianghraf: Andreas F. Borchert

Is é an dlí coiteann an córas dlí a chleachtar in Éirinn inniu. Is córas é a tháinig ó Shasana.  Ach bhí córas dlí dár gcuid féin againn roimhe sin dar teideal an Féineachas.

Ciall an Fhéineachais

Tagann an focal ‘Féineachas’ ó na féine, na daoine a bhí i seilbh na talún, agus bhí an dlí ag freastal ar aicme seo na n-úinéirí talún. 

Stair an Fhéineachais

Tá an chéad tagairtí scríofa atá againn don Fhéineachas sa séú haois, ach tá an Féineachas i bhfad níos sine ná sin. Bhí an Féineachas i bhfeidhm in aimsir an tseanchreidimh. Go deimhin is iad na draoithe a chur an Féineachas i bhfeidhm an t-am sin.  Deirtear gur Ollamh Fódhla a bhailigh na dlíthe le chéile. Le teacht Naomh Pádraig agus na Críostaíochta go hÉirinn rinneadh na dlíthe a nuashonrú chun iad a chur ina oiriúint don Chríostaíocht. Deirtear in Annála na gCeithre Máistrí gur in 438 a scríobhadh síos na dlíthe.  Bhí scoileanna breithiúna timpeall na tíre agus bhí cáil orthu, go deimhin bhí an cháil chomh mór sin go hidirnáisiúnta go ndeachaigh Rí Sasana, Ailfrid Mór, ag staidéar i scoil amháin agus chruthaigh sé a chóras dlí féin i Sasana dá bharr. In 989 d’éirigh le Maolsheachlainn Mac Domhnaill, Ardrí na hÉireann, na Lochlannaigh a chloí agus ceann de na coinníollacha a leag sé síos orthu go raibh ar na Lochlannaigh glacadh leis an bhFéineachas. Le teacht na Normannach lean córas an Fhéineachais ar aghaidh, go háirithe taobh amuigh den Pháil.  Ach de réir a chéile bhí na Normannaigh ag úsáid an Fhéineachais chomh maith. Bhí eagla ar Shasana go mbeadh sliocht na ngall in Éirinn ag éirí níos Gaelaí ná na Gaeil féin, mar sin d’achtaigh siad Reachtanna Chill Chainnigh, dlíthe a chuir cosc ar mhuintir Shasana in Éirinn an Féineachas a úsáid. Fiú amháin leis an gcosc sin ba é an Féineachas an príomhchóras dlí in Éirinn. Chuir Anraí VIII deireadh leis na mainistreacha in Éirinn, áit a raibh na dlíthe á gcóipeáil agus á gcaomhnú. Ina ndiaidh Imeacht na dTaoiseach cuireadh deireadh leis na scoileanna breithiúna agus cuireadh córas dlí Sasana, an dlí coiteann, i bhfeidhm.  

Siombail den náisiún

Bíonn staraithe áirithe ag déanamh athbhreithniú ar stair na hÉireann, ag rá nach raibh náisiún na hÉireann ann go dtí gur tháinig na Sasanaigh, gur tuatha amháin a d’aithin na Gaeil. Ach bréagnaíonn an Féineachas an argóint sin mar bhí an Féineachas céanna i bhfeidhm i ngach cearn den tír, rud a léiríonn gur aithin na daoine an t-aon chóras dlí amháin sa tír. Ní hamháin sin ach de bharr go raibh na breithiúna ag cur i bhfeidhm an chórais dlí seo, bhí siad ag taisteal timpeall na tíre chun é sin a dhéanamh.

Cén saghas córais dlí a bhí san Fhéineachas?

Ní féidir cur síos a dhéanamh ar an bhFéineachas in alt amháin, mar sin tabharfaidh mé na príomhphointí. Sa chéad dul síos bhí an córas leagtha síos de réir aicme. Bhí freagrachtaí agus pionóis faoi leith do gach aicme. Mar shampla dá ndéanfadh duine ón uasaicme, mar shampla, rí, taoiseach nó tánaiste, an choir chéanna is a rinne tuatach, bheadh pionós níos déine ar an duine ón uasaicme ná mar a bheadh ar an tuatach, ag aithint da réir na chumhachta atá ag an uasal i gcomparáid leis an tuatach. Bhí sclábhaíocht dleathach faoin bhFéineachas, ach athraíodh é sin le teacht na Críostaíochta. Is na breithiúna a chruthaigh an dlí trína gcinntí. An sampla is cáiliúla is ea cás cóipchirt Cholm Cille, an cás cóipchirt is sine ar domhan. Rinne breitheamh cinneadh nach raibh cead ag Colm Cille cóip a dhéanamh de lámhscríbhinn gan cead úinéir na lámhscríbhinne. Mar a dúirt an breitheamh, ‘Le gach bó a lao agus le gach leabhar a chóip’.

Conclúid

Bíonn caint ann faoin tír a ath-Ghaelú, agus béim ar an teanga, mar a ba chóir. Ach ceapaim féin gur chóir go mbeidh an córas dlí san áireamh san ath-Ghaelú, gur gur cheart dúinn an Féineachas a chur ar ais in ionad an dlí choitinn. Nuair a tharla an ghéarchéim eacnamaíochta in 2008 níor cuireadh pionós ar mhórán daoine a rinne an dochar, i.e. an uasaicme, de bharr go bhfuil an dlí coiteann deartha ar bhealach a thugann cosaint dóibh.  Dá má rud é go raibh an Féineachas i bhfeidhm bheadh pionós ar fhormhór na huasaicme a rinne an dochar, mar bheadh freagracht níos mó orthu.

Tá an cháilíocht Dioplóma do Chéimithe ag Caoimhín Ó Cadhla i mBéaloideas na hÉireann ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.