Turas CLG na Palaistíne go hÉirinn i mbaol

Díomá le bheith ar 33 páiste tar éis don Roinn Dlí agus Cirt moill a chur ar phróiseáil víosaí

Cóilín Duffy

Tá an Roinn Dlí agus Cirt tar éis víosaí a dhiúltú do ghrúpa de 33 páiste ón bPalaistín a bhí le taisteal go hÉirinn an tseachtain seo chugainn le haghaidh turas cultúrtha coicíse CLG, rud atá tar éis díomá mhór a chur ar lucht eagraithe, oibrithe deonacha agus pobail ar fud na tíre.

Bhí an turas á eagrú ag Stephen Redmond, bunaitheoir CLG na Palaistíne, a dúirt le An Páipéar go raibh os cionn 100 oibrí deonach in Éirinn réidh le fáilte a chur roimh an ngrúpa. Bhí na páistí, in éineacht le 14 mhaor agus dochtúir, le taisteal ón mBruach Thiar go hÉirinn chun páirt a ghlacadh i gcampaí traenála, freastal ar chluichí, bualadh le himreoirí, agus cuairt a thabhairt ar Pháirc an Chrócaigh. Seo an chéad turas thar sáile a bheadh ag mórán acu, agus an chéad uair a d’fheicfeadh siad an fharraige.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.