Stair cruthaithe ag Féile Sean-Nóis na Gaillimhe

Bhuaigh Michael Frank Ó Confhaola as Muiceanach idir Dhá Sháile Corn na Gaillimhe sa chomórtas amhránaíochta sean-nóis a eagraíodh mar chuid d’Fhéile Sean-Nóis na Gaillimhe in Áras na nGael ag an deireadh seachtaine. 

Bhuaigh sé corn agus €300. Ba é seo an chéad uair a eagraíodh an comórtas agus an chéad bhliain den fhéile.

Tháinig  Róisín Seoighe as Ros an Mhíl sa dara háit agus Áighne Ní Chadhain as Leitir Mucú sa tríú háit. Bhronn an moltóír, Éamonn Ó Bróithe, dhá dhuais aitheantais, ceann amháin do Cholm Ó hEartáin as Baile an Fheirtéaraigh agus an ceann eile do Sheán Ó Gráinne as Maigh Eo ó dhúchas ach a bhfuil cónaí air i gCois Fharraige le blianta fada.

Bhí slua mór i láthair in Áras na nGael ag an bhféile agus seisiún breá i gClub Áras na nGael ina dhiaidh sin.

Ba í Alanagh Ní Chonghaile Ní Ghríofa stiúrthóir ealaíne na féile agus ba é Micheál Mac Aoidh, Oifigeach Forbartha le Gael-Fhorbairt na Gaillimhe, an léiritheoir.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.