
Gan dabht tá díomá ar Shinn Féin nach bhfuil siad ag déanamh níos fearr sna pobalbhreitheanna ná mar atá. Sa cheann is deireanaí ó Ipsos, a foilsíodh in The Irish Times, léiríodh nach raibh ach 14% de na vótóirí sásta go raibh an rialtas ag déanamh dul chun cinn maidir leis na fadhbanna atá os comhair na tíre.
Sárchúlántacht ag an Times a thabhairt le fios nach bhfuil an rialtas ag spreagadh muinín i measc an phobail.
Ach, ina ainneoin seo, d’fhan tacaíocht Shinn Féin ag 22%, an meánfhigiúr a bhí acu ó thús na bliana, beagáinín níos airde ná an 19% a fuair siad san olltoghchán.
Sea, ar na figiúirí atá sa phobalbhreith seo, dá mbeadh toghchán ann amárach thiocfadh an rialtas céanna ar ais, b’fhéidir le comhghuaillithe eile.
Ní cóir dóibh, ámh, dul ar fóir leis an éadóchas.
Má bhreathnaíonn muid ar bhriseadh síos na bhfigúirí de réir aoise, tá pictiúr éagsúil ann.