Comhartha drámatúil go bhfuil an caidreamh idir Páirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain agus na ceardchumainn sin ag dul in olcas is ea cinneadh Unite, an ceardchumann is mó sa Bhreatain, ballraíocht Angela Rayner, Leas-phríomhaire na Ríochta Aontaithe, a chur ar fionraí.
Dúirt Ard-Rúnaí Unite, Sharon Graham, nach bhfuil páirtí Keir Starmer ag seasamh le lucht oibre na Breataine, agus go gcaithfidh an ceardchumann machnamh a dhéanamh faoina gcaidreamh le Páirtí an Lucht Oibre.
Ba é an chúis leis an gcinneadh seo i leith Angela Rayner ná fearg sa cheardchumann faoi sheasamh an rialtais, agus seasamh Pháirtí an Lucht Oibre áitiúil atá i gceannas ar Chomhairle Birmingham, i leith stailc oibrithe bruscair sa chathair sin.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!