Léamhthuiscint: Na déirfiúracha Mary agus Lizzie Burns, trodairí sa chúlra ar son an lucht oibre

Cathal Ó Murchú

Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.

Is minic nach luaitear ainmneacha na mban sna leabhair staire, ach b’fhiú cuimhneamh ar shaol agus ar shaothar na ndéirfiúracha Mary agus Lizzie Burns, beirt bhan a bhí lárnach i saol Karl Marx agus Friedrich Engels agus tionchar mór acu ar shaothar na beirte fealsúnaithe iomráiteacha.

Rugadh Mary agus Lizzie Burns i gCathair Mhanchan, Sasana, go luath sa 19ú haois i dteaghlach Éireannach ó Chontae Thiobraid Árann ó dhúchas a d’fhág Éirea mar gheall ar an mbochtanas agus an gorta. Chuir an teaghlach fúthu i gceantar bocht sa chathair, áit a raibh ocras, galar agus cruatan i ndán don lucht oibre ansin, cuid mhaith acu de bhunadh na hÉireann. Dá dheasca sin, thuig Mary agus Lizzie Burns an lucht oibre ar bhealach nach bhféadfadh daoine ó chúlraí níos compórdaí a thuiscint, daoine ar nós na bhfealsúnuithe iomráiteacha Gearmánacha Marx agus Engels.

Ba í Mary Burns an chéad duine acu a chuir aithne ar Engels agus a chomhghleacaí Marx. Dar lena lán staraithe, bhí sí mar a bheadh feirmeoir faisnéise aige i measc na n-oibrithe i Manchain, áit a raibh monarcha ag Muintir Engels. Thug an bheirt acu cuairt ar na bruachbhailte bochta agus léirigh sí dó na coinníollacha fíochmhaire inar mhair daoine. Meastar go ndeachaigh na turais sin i bhfeidhm go mór ar smaointeoireacht Engels agus gur spreag sé sin a shaothar cáiliúil The Condition of the Working Class in England.

Cé gur Caitliceach ba í Mary agus gur Phrotastúnach é Friedrich, is léir gur chreid an bheirt acu sa cheartas sóisialta agus i módhanna réabhlóideacha chun an éagóir a leigheas. Bhí a gcaidreamh neamhghnách agus neamhfhoirmiúil don anm sin. Níor phós siad riamh os rud é gur mheas siad gur institiúid bhuirgéiseach é an pósadh, tuairim nár luígh le gnásanna sóisialta na linne sin. Sa bhliain 1863, fuair sí bás in aois a 41 bliain d’aois.

Ina dhiaidh sin, tháinig a deirfiúr Lizzie i gceannas ar theach Engels agus chaith sé blianta fada ag tacu lena chuid oibre. Cé go raibh sí níos ciúine ná Mary, bhí sí dílis dá dearcadh polaitiúil.  Bhí caidreamh aici le hEngels freisin agus phós siad ar lá a báis sa bhliain 1878, rud a léíríonn an dlúthcheangal a bhí eatarthu uile.

Níor fhág na deirfiúracha Burns aon chuntas scríofa dá gcuid féin ina ndiaidh, ach is léir ó cháipéisí Engels agus Marx go raibh meas agus muinín mhór acu sna mná seo. Bhí siad uile tiomanta don athrú sóisialta réabhlóideach as ar eascair an tuairim chumannach Mharxach, cé nach n-aithnítear na deirfiúracha mar cheannróduithe na dtuairimí réabhlóideach sa stair.

Léiríonn scéal Mary agus Lizzie Burns an tionchar ciúin ach cumhachtach a d’fhéadfadh mná a imirt ar shaol agus ar smaointí na bhfear mór le rá. Ba chuid lárnach iad i ngluaiseacht an tsóisialachais agus an chumannachais, cé nach bhfuil aitheantas acu stair dá bharr.


Ceisteanna buntuisceanna

  1. Cé hiad Mary agus Lizzie Burns agus cá as ar tháinig a muintir?
  2. Cén ról a bhí ag Mary Burns i saol agus saothar Friedrich Engels?
  3. Conas a léiríonn caidreamh Mary agus Friedrich a ndearcadh i leith gnásanna sóisialta?
  4. Cad é an fáth gur léir go raibh tionchar ag Lizzie ar Friedrich Engels fiu tar éis bhás Mary?
  5. Cén fáth nach bhfuil mórán eolais ar fáil faoi Mary agus Lizzie Burns sa stair, dar leat?
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.