Is orainn atá an locht go ndéanann an rialtas neamhaird d’fhadhb na tithíochta 

Eoin Ó Murchú

Níl aon fhaoiseamh ann don ghéarchéim thithíochta. Shiúil na mílte i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite ag éileamh gníomh ón rialtas le tithe sóisialta a thógáil ag ráta cuimsitheach ard. Níor thug an rialtas aird ar bith orthu.

Tá an scéal seo anois cosúil le scéal Gaza.  Lá i ndiaidh lae feicimid an t-uafás, ach in ainneoin mhíshástacht an phobail ní athraíonn an rialtas a bpolasaí.  Leanann siad leis an gcur chuige atá ag cliseadh go soiléir, leis an gcóras atá ar anchaoi.

Sea, tá an chodarsnacht ann i gcónaí. Ar thaobh amháin deir móramh sna pobalbhreitheanna nach bhfuil siad sásta le polasaí tithíochta an rialtais, ach ag an am céanna tugann 40% de na vótóirí tacaíocht do na páirtithe rialtais, Fianna Fáil agus Fine Gael, atá ciontach as an bhfaillí.

Tugann na figiúirí seo misneach don rialtas leanacht le túsáit a thabhairt do riachtanais bhrabúis na n-infheisteoirí, na gcreach-chistí go háirithe.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.