Aedín Ní Thiarnaigh

Rud a thaitníonn go mór liom faoin samhradh in Inis Meáin ná nach mbítear á mheas de réir na seachtainí ná na míonna. Cuimhnítear ar an samhradh de réir na n-athruithe sa dúlra; ceol na cuaiche a chloisteáil i mí na Bealtaine mar shampla, an seileastram buí ag teacht faoi bhláth ar an turlach, nó an chéad sú talún fiáin (ar a dtugtar ‘sic salún’ in Inis Meáin) a fheiceáil ag fás ar thaobh na mbóithre.

Is iad na sútha talún (fragaria vesca) a chuireann tús leis an samhradh anseo i ndáiríre, agus is féidir imeacht an tséasúir a leanúint ó bheith ag féachaint ar na torthaí fiáine eile a thagann ina dhiaidh.

Tá an sic salún beagnach imithe anois, faraor géar, ach tá toradh blasta eile ag teacht sna sála air agus tábhacht ar leith ag baint leis ar an oileán; na crúibíní.

Nuair a chloiseann an gnáthdhuine an focal úd, is ar chosa muice a gcuimhníonn siad go hiondúil, agus ar an seanbhéile traidisiúnta a dhéantaí leo. Rud eile ar fad atá i gcrúibíní Inis Meáin, agus is geal liom a rá nach bhfuil baint ar bith ag na muca leo. 

‘Sú na mban mín’ (rubus saxatilis) a thugtar ar an bplanda seo sna háiteanna eile a mbíonn sí ag fás; i mBoireann mar shampla, nó corr-áit eile in Éirinn a bhfuil ithir alcaileach ann. Níor chuala mé an t-ainm sin in Inis Meáin riamh áfach, agus mé ag bailiú seanchais faoi na bláthanna fiáine anseo. 

Ar na creaga a fhásann sú na mban mín, agus cuma air atá an-chosúil leis an dris ar an gcéad amharc, ach amháin go mbíonn na géaga níos caoile agus go dtagann dath dearg ar na duilleoga. An difríocht is mó dar ndóigh, ná na crúibíní a fhásann air, caora beaga dearga a bhfuil blas searbhmhilis orthu. 

Ar Lá Mhic Dara, 16 Iúil, go traidisiúnta a bhailítí agus a d’ití crúibíní in Inis Meáin agus bhíodh gasúir ar an oileán ag faire amach dóibh ó thús an tséasúir, iad ag súil leis an ‘treat’ bliantúil seo. 

Fásann na torthaí beaga blasta seo ar roinnt creaga ar an oileán, amach ó dheas go háirithe. Tá creig ar leith ar an oileán a dtugtar Creig na gCrúibíní uirthi fiú, i ngeall ar líon na dtorthaí a fhásann uirthi. 

Fiú agus fios a bhealaigh ag duine áfach, níor mhór dóibh súil ghéar a bheith acu chun na crúibíní a aimsiú, mar is dual dóibh fás in íochtar na nduilleog mar a mbeidís ag iarraidh iad féin a cheilt ó na héin agus na daoine a mbíonn fonn orthu iad a ithe! 

Dhéantaí milseog speisialta shimplí leis na crúibíní anseo a dhéanann idir óg agus aosta fós an tráth seo den bhliain, na torthaí a mheascadh le bainne agus le siúcra agus iad a ithe as cupán nó babhla beag le spúnóg. 

Níor bhlais mé riamh béile crúibíní muice, ach shamhlóinn gur bhlasta i bhfad béile crúibíní Inis Meáin!

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.