Ba mhaith le An Páipéar soiléiriú a dhéanamh maidir le heagarfhocal na seachtaine seo caite.
Tá athbhreithniú á lorg ón Ard-Chúirt ag dream ar dhiúltaigh an Bord Pleanála a n-achainí i gcoinne cead pleanála a bhí tugtha ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath don chomhlacht amhantraíochta Hammerson. Ní ordú cúirte atá i gceist. Níl aon dáta cláraithe fós don athbhreithniú.
I bhfad níos measa, tá conspóid mhór ann faoi láthair faoi 16 fhoirgneamh ar Shráid an Mhúraigh, ar ghlac tuairim is 300 fear agus bean seilbh orthu tar éis dóibh Ard-Oifig an Phoist a thréigean le linn Éirí Amach 1916.
Cheannaigh an stát na foirgnimh 14 go dtí 17 ar an tsráid ar mhilliún euro an ceann in 2007, d’fhonn deireadh a chur leis na hagóidí a bhí ar siúl, ach tá na hagóidí fós ag tarlú. Tá grúpa darb ainm Save Moore Street from Demolition ar an tsráid gach Satharn le 10 mbliana anuas ag iarraidh na foirgnimh a chosaint.