Beidh vóta ag daoine sé bliana déag d’aois sa Ríocht Aontaithe

Cuirfidh Páirtí an Lucht Oibre tús le vóta a thabhairt do dhaoine in aois sé bliana déag ach tá amhras ann an mbeidh sé i bhfeidhm in am do thoghchán an Tionóil nó na gcomhairlí in 2027

Jack Mac Íomhair

D’fhógair Rialtas na Ríochta Aontaithe go mbeidh athrú déanta ar an aois vótála agus beidh deis ag daoine sé bliana déag agus seacht mbliana déag d’aois vóta a chaitheamh ag an chéad olltoghchán eile in 2029.

Tá amhras ann, áfach, an mbeidh na hathruithe curtha i bhfeidhm in am do thoghchán an Tionóil agus na gcomhairlí in 2027 sna sé chontae, de réir an Choimisiún Toghcháin. 

Chuir roinnt de na páirtithe sna sé chontae fáilte roimh an chinneadh. Thacaigh an Tionól le rún ag éileamh athruithe san aois vótála go 16 in 2012 agus 2024, ach gan tacaíocht ón Pháirtí Aontachtach Dhaonlathach.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.