Dheimhnigh urlabhraí sinsearach de chuid SPTÉ go bhfuil oifigigh ag úsáid físeán anailíseach atá bunaithe ar IS chun tacú leo
Beidh IS á úsáid ag SPTÉ chun círéibeoirí a bhí páirteach sna círéibeacha ciníocha le deireanas a aithint. Tagann an gníomh seo i ndiaidh foréigean cíníoch a thosaigh ar an Bhaile Mheánach, ach a scaip amach go Béal Feirste, Port an Dúnáin, Latharna, Carraig Fhearghais, Doire agus Cúil Raithin.
Rinneadh ionsaithe ar na póilíní agus réadmhaoin ar an Bhaile Mheánach i ndiaidh léirsithe síochánta a tharla sa bhaile mar gheall ar ionsaí gnéis a tharla sa bhaile. Dúirt na póilíní go mbeidh siad ag obair lá agus oíche chun na daoine freagracha a ghabháil. Go dtí seo tá 46 duine gafa acu.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!