Athbhreithniú ar an bPlean Forbartha Náisiúnta foilsithe ag an rialtas

Kerron Ó Luain

D’fhoilsigh Rialtas na hÉireann athbhreithniú ar an bPlean Forbartha Náisiúnta le linn na seachtaine. Leagtar amach san athbhreithniú go mbeidh €275.4 billiúin le caitheamh ar thograí infreastruchtúir idir an bhliain seo chugainn agus 2035. Cuimsítear tithíocht, iompar, sláinte, fuinneamh, bearta aeráide, agus cosaint san athbhreithniú, agus measann tráchtairí áirithe go bhfuil níos mó béime ann ar thograí a d’fhéadfaí cur i gcríoch sa ghearrthéarma.

Maítear go gcuirfear €35.96 billiún ar leataobh don tithíocht, agus go gcaithfear €28.27 ar an tógáil. Deirtear gurb é an sprioc 300,000 teach nua agus 12,000 teach sóisialta in aghaidh na bliana. Ach is ionann sin agus 60,000 teach sóisialta san iomlán, rud a léiríonn go mbeidh an rialtas agus an Roinn Tithíochta fós ag brath ar an earnáil phríobháideach chun tromlach an tsoláthair tithíochta, nó 240,000 teach, a chur ar fáil. 

Is léir mar sin nach bhfuil athrú sa chur chuige bunúsach, go mbeifear ag brath ar fhorbróirí agus creach-chistí dul i mbun tógála, polasaí atá i ndiaidh an éigeandáil ina bhfuil sciar mór den phobal sáite le 10 mbliain anuas a chruthú agus a chothú.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.