An Áit a nEitlíonn na Madaí Crainn seolta ag Éabhlóid

Bhí slua mór i láthair in Hodges Figgis i mBaile Átha Cliath Dé hAoine, nuair a sheol Éabhlóid, an foilsitheoir leabhar as Gaoth Dobhair, an leabhar úr An Áit a nEitlíonn na Madaí Crainn. Ba í Áine Lawlor, craoltóir de chuid RTÉ agus láithreoir Morning Ireland, a sheol an leabhar, agus mar chuid den tseoladh rinne sí comhrá leis an ealaíontóir agus údar Aileen Crossley agus le hEoghan Mac Giolla Bhríde, aistritheoir agus foilsitheoir an leabhair.

Litir spraíúil ghrá, ón nádúr chuig páiste atá faoi bhrón, atá sa leabhar. Castar le Molaí, cailín beag atá faoi bhrón, ach tar éis turas draíochtúil tríd an nádúr lena cara, Lus na mBan Sí, faigheann Molaí tuiscint dhóchasach úr ar an tsaol. Scéal é seo a thógfaidh croí gach páiste agus a mbeidh siad ag teacht ar ais chuige arís is arís eile mar gheall ar an ealaín speisialta atá ann.

Chuir Áine Lawlor ceist ar Eoghan faoin dóigh a roghnaíonn sé leabhair do pháistí agus chuir sí ceist air an mbíonn an teacht aniar atá le feiceáil sa leabhar tábhachtach don phróiseas roghnúcháin sin: 

“Caithfidh leabhar páistí feidhmiú ar dhá leibhéal thábhachtacha ar a laghad, dar liom. Ar tús caithfidh sí a bheith ábalta páistí a mhealladh, caithfidh an prós agus na pictiúirí a dhul i gcion ar shamhlaíocht an pháiste, ach caithfidh sí ceangal le léitheoirí fásta fosta agus an páiste atá iontu taobh istigh a scaoileadh amach. Nuair a thaispeáin Aileen an leabhar seo domh a chéaduair, chonaic mé ar an toirt gur leabhar den chineál sin a bhí ann. Tá gnéithe soineanta agus chor a bheith páistiúil sna priontaí liteagraif agus tabharann sé neart spáis do shamhlaíocht an pháiste na bearnaí a líonadh isteach. Agus ní hamháin go bhfuil teachtaireacht thábhachtach thráthúil sa leabhar, ach creidim go mbeidh sé tráthúil go cionn fada go leor. Tá simplíocht shofaisticiúil sa teachtaireacht sin, meabhrú dúinn uilig seasamh siar ón teicneolaíocht agus aithne a chur ar an nádúr arís.”

Ag an tseoladh bhí deis ag an lucht féachana féachaint tríd an bhunleabhar lámhdhéanta a rinne Aileen mar shraith priontaí liteagrafacha i Stiúideo Priontála Black Church i mBarra an Teampaill. Mhínigh Aileen an próiseas a bhí i gceist le gach prionta. “Le prionta amháin liteagraif a dhéanamh, glacann an próiseas suas le 3 nó 4 seachtaine do gach léaráid.” Ach i bhfad sula raibh Aileen réidh le dúch a chur ar na plátaí priontála, bhí uirthi clár scéil a chruthú don leabhar agus na carachtair a fhorbairt ag úsáid colláise. “Bhí teibíocht ag baint leis sin a spreag mo chuid cruthaíochta go mór,” a dúirt sí. Thóg an leabhar iomlán thart ar dhá bhliain go leith di a chríochnú agus dúirt sí gur bhain sé neart allais aisti.

“Tugann an próiseas priontála soineantacht agus saoithiúlacht isteach san obair nach bhféadfainn a tharraingt ar pháipéar,” a dúirt Aileen. “Tugann an mhoill a bhaineann leis, agus an diongbháilteacht a theastaíonn ón obair féin, spiorad speisialta isteach san obair chríochnaithe a mbainim sult iontach as.”

Tá stíl tí faoi leith bainte amach ag Éabhlóid le roinnt blianta anuas. Tugann a gcatalóg leabhar do pháistí tús áite d’ealaíontóirí Éireannacha a dhéanann ealaín lámhdhéanta. Tá ardmholadh faighte ag an úrnuacht agus nádúrthacht a bhaineann lena gcuid leabhar. Bhí Caoilte Caillte sa Mhúsaem agus Mamaí Gé le feiceáil ar an Late Late Toy Show le cúpla bliain anuas, agus in 2020 bronnadh Gradam Éilis Dillon ar an leabhar Mór agus Muilc a rinne an t-ealaíontóir Kim Sharkey as Dún na nGall.Tá An Áit a nEitlíonn na Madaí Crainn ar fáil díreach ón fhoilsitheoir ag https://eabhloid.com/siopa/madai-crainn/ agus sna siopaí leabhar is fearr sa tír.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.