
Go drogallach tá Iosrael ag glacadh le sos comhraic agus deireadh lena gcogadh in aghaidh na hIaráine, cé nach bhfuil sé cinnte go mairfidh an sos. Tuigeann siad anois an fhírinne nach féidir leo buachan sa chogadh gan rannpháirtíocht na Stát Aontaithe, agus an fhírinne níos tábhachtaí nach dteastaíonn ó Trump leanacht ar aghaidh leis níos mó.
Aon uair a bhíonn sos cogaidh i bhfeidhm bíonn éiginnte áirithe ann ag an tús, ach bhí fearg shoiléir ar Trump faoi iarrachtaí a éacht síochána a chealú. “Níl a fhios ag ceachtar acu ceard sa foc atá ar siúl acu”, bhéic sé.
Mar sin féin, tá deireadh anois, ceapaim, leis an smaoineamh éadrom gur féidir le hIosrael a rogha rud a dhéanamh gan praghas ar bith a íoc.
Ar ndóigh, ní hé Iosrael nó an Iaráin a d’fhógair an sos cogaidh, ach Trump féin. Dhearbhaigh sé a cheangal lena lucht buntacaíochta MAGA, thug sé spreagadh don stocmhargadh, agus d’éirigh leis a ‘chlú’ mar uachtarán síochána a fháil ar ais.