Tá conradh ar luach 60 milliún euro sínithe ag Éirin leis an gcomhlacht Francach Thales DMS le córas sonóire a fháil do Sheirbhís Chabhlaigh na hÉireann a bheidh in ann fomhuireáin faoi uisce a bhrath chun cabhrú cháblaí faoi uisce a chosaint.
In ainneoin go bhfuil an comhlacht seo ceangailte le fórsaí armtha Iosrael, shínigh an Tánaiste Simon Harris, atá ina Aire Cosanta, an conradh le déanaí le monatóireacht a dhéanamh faoin uisce, dar leis an Roinn Cosanta.
Deir an Roinn freisin go gcinnteoidh an córas sonóire seo feabhas mór ar shlándáil na mara. Tagairt is ea é seo don scéalaíocht go bhfuil an Rúis ag bagairt orainn fo thoinn.
Dúirt an Tánaiste go dtabharfaidh an infheistíocht shuntasach seo córas nua-aoiseach don Chabhlach, a bheidh in ann pictiúr a thógáil dá bhfuil ar siúl faoin uisce. “Mar sin,” a dúirt sé, “cuirfidh sé go mór leis an obair a bhaineann lenár n-infreastruchtúr faoi uisce a chosaint.”
Tá an fiontar cáinte áfach ag daoine atá gníomhach i gcursaí neodrachta. Dúirt duine amháin gur cur amú airgid ar fad atá ann.
“Tá na mílte de cháblaí ag dul trasna an Aigéin Atlantaigh agus níl oiread is sampla amháin d’ionsaí orthu riamh. Agus ar aon chuma cén chosaint a thabharfar do na cáblaí má bhraitear fomhuireán aon áit?
“Céard a dhéanfaidh Cabhlach na hÉireann leis an eolas? Agus más í an Rúis atá ag bagairt na cáblaí a ghearradh agus cur isteach ar sheirbhís idirlín cén chaoi a mbeidh an Rúis ansin in ann teachtaireachtaí ‘mí-oiriúnacha’ a chur amach ar Facebook?”
Dar le lucht a cháinte tagann an scéalaíocht faoin bhfiontar agus na cúiseanna taobh thiar de salach ar a chéile.
Tá costas €60 milliún ag baint leis an gconradh, agus deirtear go mbeadh sé níos fearr an t-airgead seo a úsáid le tabhairt faoi fhadhbanna fírinneacha na tíre in ionad cur i gcéill den chineál seo a d’oirfeadh níos fearr do thír a bheadh páirteach in ECAT.
Fiafraíonn gníomhaithe neodrachta an é sin an aidhm a bhaineann leis an bhfiontar i ndáiríre.
Ach, ar an taobh eile, dúirt ceann foirne na bhForsaí Cosanta, an Leifteanan-ghinearál Rossa Mulcahy, go bhfuil monatóireacht den cineál seo riachtanach le dul i gceannas ar ghníomhaíochtaí mídhleathacha ar nós iascaireacht mhídhleathach, mangaireacht drugaí, sceimhlitheoireacht agus spiadóireacht.