Spórt, spraoi agus seaimpiní ag Comórtas Peile na Gaeltachta

Deireadh seachtaine den chead scoth agus na mílte cruinn i nGaeltacht ghlas na Mí don fhéasta peile, Gaeilge agus cultúr

Cóilín Duffy

Tuar ceatha le feiceail i rith cluiche leathcheannais Sinsir na bhFear idir Bhulf Tón agus Cill na Martra oíche Dé Domhnaigh i bPáirc Ráth Chairn
Grianghraf: Cóilín Duffy

Tháinig na sluaite go Ráth Chairn i nGaeltacht na Mí deireadh seachtaine shaoire bhainc an Mheithimh mar ar cuireadh fáilte chroíúil rompu chuig Comórtas Peile na Gaeltachta 2025. Ó chluichí corraitheacha go hócáidí cultúrtha dodhearmadta, beidh cuimhní iontacha ag gach éinne a d’fhreastail air mar cheann de na comórtais is beoga agus is rathúla le blianta beaga anuas.

Ba mhór an bród áitiúil lá na gcluichí ceannais Dé Luain nuair a thug Bhulf Tón taispeántas cumhachtach uathu chun craobh sinsir na bhfear a bhreith leo os comhair slua lúcháireach áitiúil. Ní ba luaithe sa lá, dheimhnigh an club óstach, Clann na nGael, a n-áit féin sa táin nuair a bhain siad craobh sóisir na bhfear, rud a chuir ríméad ar an bpobal.

Bhí cluichí na mban lán chomh spéisiúil. Chosain Baile Chláir na Gaillimhe a gcraobh sna sinsir go dúthrachtach agus go paiteanta,  ag breith leo an dara bliain as a chéile. Sa ghrád idirmheánach rug Naomh Anna Leitir Móir leo an chraobh tar éis feachtas crua, agus, agus bhain Naomh Columba as Dún na nGall cluiche ceannais na sóisear, ag léiriú fheabhas pheil na mban ar fud cheantair na Gaeltachta.

Taobh amuigh den pháirc imeartha bhí spiorad Chomórtas Peile na Gaeltachta beo beathach i ngach cearn de Ráth Chairn. Bhí  clár cuimsitheach ceoil agus cultúir ann, a chinntigh go raibh rud éigin ann do chách, ó chéilithe agus bannaí beo go siamsaíocht agus scéalaíocht do pháistí. Chuir sé seo barr maise ar an taispeántas spóirt, ag cruthú  cuimhní buana do chách a bhí i láthair.

Seán Ó hArgáin ag baint sult as An Páipeár ag Comórtas Peile na Gaeltachta i Ráth Chairn

Chuir níos mó ná 300 saorálaí le reáchtáil réidh agus fáilte chroíúil an imeachta. Bhí a n-obair chrua, a ndíograis agus a gcairdiúlacht lárnach do rath geal an deireadh deireadh seachtaine. Ó na maoir agus lucht na dticéad, go hoibrithe lónadóireachta agus lóistíochta, léirigh a dtiomantas gan agó éiteas pobail an chomórtais.

Tá moladh speisialta ag dul do choiste an Chailín Ghaelaigh, a d’óstaigh ócáid iontach  oíche Dé Domhnaigh san ollphuball. Ag deireadh na hócáide, a craoladh beo ar leathanach Molsceal TG4, rinneadh Ailbhe Seoighe ón gCeathrú rua a chorónú mar Chailín Gaelach 2025 – ambasadóir bródúil dár dteanga, don chultúr agus don óige.

Gabhtar buíochas ó chroí le gach duine a chuidigh ócáid chomh nótáilte sin a dhéanamh de Chomórtas Peile na Gaeltachta 2025. Táimid ag súil cheana féin le Comórtas 2026, a dhéanfaidh CLG Chill Chartha a óstáil i gcroílár Dhún na nGall!

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.