D’fhoilsigh an tAire Oideachais agus Óige, Helen McEntee agus an tAire Stáit don Oideachas Speisialta agus Cuimsiú, Michael Moynihan plean oideachais nua an tseachtain seo caite. Tá breis agus 100 beart i bPlean Oideachais 2025. Tá cúig chroílár oideachais sa phlean seo.
An chéad chroílár is ea eispéireas foghlama a sholáthar do mhic léinn de réir na gcaighdeán idirnáisiúnta is airde. Tá feabhsuithe á ndéanamh acu i ngach réimse den churaclam mar chuid den chroílár seo.
Is é an dara croílár bacainní a bhriseadh síos do ghrúpaí atá i mbaol eisiaimh. Is é aidhm an chroíláir seo go leor teiripeoirí ar nós teiripeoir urlabhra agus teiripeoir saothair a chur ar fáil sna scoileanna. Ina theannta sin laghdófar bacainní eile cosúil le cúrsaí taistil trí Scéim Iompair Scoil a fheabhsú.