Cead faighte lámh chúnta a chur i do bhás féin glactha i Sasana 

Máirtín MacEoin

Tá parlaimint na Ríochta Aontaithe in ndiaidh glacadh le bille a thabharfaidh cead do dhaoine fásta a bhfuil galar orthu a dtiocfadh leis a mbás a thabhairt agus gan biseach i ndán dóibh lámh a chur ina mbás féin le cúnamh ó dhaoine eile, má tá ionchas saoil níos lú ná sé mhí acu.

Ghlac Teach na dTeachtaí leis an mbille le 314 vótaí ar a shon agus 291 ina choinne, agus téann sé ar aghaidh go Teach na dTiarnaí anois.

Tugann an bille an ceart do dhuine ar bith a bhfuil ionchas saoil níos lú ná sé mhí acu cabhair a lorg chun deireadh a chur lena shaol má thoilíonn beirt dochtúirí leis an gcinneadh.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!