Cathal Ó Murchú
Tá sé tagtha chun solais go raibh méadú ann ar an trádáil idir Éire na 26 contae agus Iosrael ón mbliain 2018 ar aghaidh, méadú 618% le bheith beacht, in ainneoin go bhfuil cinedhíothú ar siúl i gcoinne mhuintir Gaza ar feadh breis is 600 lá ó Dheireadh Fómhair 2023. Ní hamháin é sin, ach tá sé nochtaithe freisin gurb í Éire an dara páirtnéir trádála is mó ag Iosrael anois (tar éis na Stát Aontaithe) le luach €3.2 billiún ar earraí Iosraelacha, sin luach $600 in aghaidh gach sáoránaigh Éireannaigh, 12 uair níos mó i gcomparáid le saoránaighna Stát Aontaithe!
Tá formhór na n-earraí seo ina gcomhpháirteanna leictreonacha lena mbaineann ‘dé-úsáid’ leo, is é sin le rá go bhfuil feidhm mhíleata agus shibhialta acu, déanta ag comhlachtaí Iosraelacha atá fite fuaite le coimpléacs míleata tionsclaíoch na tíre sin. Baintear úsáid as na comhpháirteanna seo le giúirléidí leighis agus gutháin chliste a chumhachtú, chomh maith le córais faireachais agus dróin armtha. Is iad na comhlachtaí teicneolaíochta trasnáisiúnta, cosúil le Apple, Intel, Microsoft, Amazon agus eile, comhlachtaí a bhfuil naisc láidre acu le Síónaigh i Meiriceá, na custaiméirí is mó do na hearraí seo in Éirinn. Chomh maith leis sin, tá a fhios againn go gceannaíonn Fórsa Cosanta na hÉireann agus eagraíochtaí stáit eile fearas míleata ó Stát Iosrael, dróin agus fearais faireachais san áireamh.