Bhí an slua ar na bóithre Dé Sathairn chun a bhfearg a léiriú agus spotsolas a chur ar chomhpháirteachas thuaidh-theas sa chinedhíothú
Rinne léirsitheoirí a mbealach ón Lorgain trí Bhladhraigh, Scarbhach, Port an Dúnáin agus Iúr Cinn Trá Dé Sathairn chun aird a tharraingt ar chomhpháirteachas na rialtas ó thuaidh agus theas sa chinedhíothú atá ag tarlú sa Phalaistín.
Bhí cuid mhór póilíní i láthair agus an slua ag déanamh a mbealaigh trí na ceantair agus gabhadh ceathrar frith-léirsitheoirí i ndiaidh neamhoird. Tuigtear gur gabhadh iad mar gheall ar eachtraí frith-agóide nár cuireadh Coimisiún na Mórshiúlta ar an eolas fúithi.
Dheimhnigh Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann (SPTÉ) gur tugadh rabhadh do thriúr eile maidir leis an léirsiú in éadan an mhórshiúil. Craobh na Lorgan d’Fheachtas Dhlúthpháirtíocht na hÉireann leis an Phalaistín (FDÉP) i gcomhar leis na craobhacha i Lár Uladh, Iúr Cinn Trá, Ard Mhacha, Port an Dúnáin, agus Lú.