Seachtain aisteach a bhí ann. Cúpla lá ó shin bhíomar ar tí an tríú cogadh domhanda a bheith againn nuair a rinne Stáit Aontaithe Mheiriceá ionsaí ar áiseanna núicléacha san Iaráin agus anois tá sos cogaidh glaoite idir Iosrael, an Iaráin agus na Stáit Aontaithe. Tá seanchuimhní ag daoine ar an uair dheireanach a rinne na Stáit Aontaithe ionradh ar thír, an Iaráic agus gur maraíodh milliún duine dá thoradh
Bhí sciathán faoi leith ann sna Daonlathaigh agus fiú amháin i lucht MAGA nach raibh ag iarraidh cogadh leis an Iaráin. Bhí na seabhaic amuigh ar nós John Bolton ag rá gur chóir go mbeadh athrú réimis san Iaráin agus gur gá an Iaráin a stopadh ó airm núicléacha a bheith acu. Níl airm núicléacha ag an Iaráin ach tá ag Iosrael, ach níl na seabhaic sin buartha faoi Iosrael, ag léiriú gur fimíneacht atá i gceist. Cé go raibh sos comhraic sáraithe ag an Iaráin agus ag Iosrael beirt, tá Trump anois ag rá le hIosrael gan aon ionsaí eile a dhéanamh ar an Iaráin. Seo an chéad uair a chuala mé Uachtarán Meiriceánach ag tabhairt orduithe d’Iosrael. Faraor, ní bheadh cinedhíothú á dhéanamh in Gaza dá má rud é gur thug Biden agus Trump orduithe d’Iosrael. Tá Trump ag maíomh gur fear síochánta é ach is é féin a thug an t-ordú na suíomhanna núicléacha san Iaráin a bhuamáil sa chéad dul síos.
Tá súil againn go mbeidh síocháin idir Iosrael agus an Iaráin, ach is gá go mbeidh síocháin láithreach in Gaza chomh maith. Tá Iosrael ag déanamh slad ar dhaoine ocracha atá i scuaine chun bia a fháil nach mór gach lá agus fós níl siad ag ligean do na Náisiúin Aontaithe an bia a dháileadh.
Léirigh an cogadh seo idir Iosrael agus an Iaráin seasamh lag stát na 26 chontae i dtaobh an chogaidh. Níor cháin an Taoiseach ná an tAire Gnóthaí Eachtracha na Stáit Aontaithe as ucht ionsaí a dhéanamh gan chúis ar stát neamhspleách eile. Ag an am céanna tá trúpaí agus airm na Stát Aontaithe ag dul trí Aerfort na Sionainne. Caithfidh sin stopadh láithreach ionas nach mbeimid ag sárú neodracht an stáit seo.