Is cinnte go bhfuilimid i lár shéasúr na bhféilte ceoil i láthair na huaire. Beidh féilte ceoil, idir chinn bheaga agus ollfhéilte, ar siúl gach deireadh seachtaine áit éigin sa tír idir anois agus an fómhar. Bíonn réimse leathain ceoil, cuir i gcás snagcheol, ceol traidisiúnta, ceol tíre, rac-cheol, agus ceol leictreonach, le sonrú mar théama na bhféilte nó chlár na bhféilte.

Níorbh amhlaidh an scéal i gcónaí. Tá an iliomad féilte ann anois nárbh ann dóibh 10 mbliana ó shin fiú. I dtaobh na Gaeilge de, dár ndóigh, tá roghanna ann ar nós Fhéile na Gealaí agus an Puball Gaeilge ag an bPicnic Aibhléise. Agus tá féilte amhail an Phicnic Aibhléise féin tar éis fás as cuimse. Díoladh 10,000 ticéid don fhéile sin thiar in 2004, ach díoltar níos mó ná 70,000 sa lá atá inniu ann.

Ach céard is cúis leis an bhfás? Is cosúil gur tháinig borradh ar na féilte ceoil i ndiaidh 2014 go háirithe. Aithnítear an bhliain sin mar chor cinniúnach nuair a thosaigh feabhas ag teacht ar an ngeilleagar caipitlíoch arís i ndiaidh na mblianta is crua den déine. Ó shin i leith tá airgead le caitheamh ag sciar den phobal ar fheilte agus tá muinín na dtomhaltóirí téite i bhfeabhas. Anuas air sin, tugann an óige tús áite d’eispéiris chultúrtha agus shóisialta in áit úinéireacht a bheith acu ar earraí luachmhara. Is dócha, de bharr go bhfuil níos lú maoine ag an nglúin óg seo ná na glúine a tháinig rompu, luíonn sé le ciall go ndíreoidís ar an am i láthair, seachas ar phleananna don todhchaí.

Tá maoiniú curtha ar fáil ag leithéid Fháilte Éireann agus Chomhairle na nEalaíon chun féilte a spreagadh mar ghléas don fhorbairt réigiúnach agus cur chun cinn an chultúir. Tá go leor ócáidí tar éis teacht chun cinn i gceantair bheaga thuaithe, rud a thugann buntáiste do gheilleagair na mbailte agus sráidbhailte máguaird. 

Tá lámh ag na meáin shóisialta i bhforbairt na bhféilte ceoil chomh maith, óir is féidir le lucht margaíochta na bhféilte lucht tacaíochta dílis a chothú i gcaitheamh na bliana. Díoltar amach féilte ceoil go sciobtha anois tríd an mhargaíocht dhigiteach agus cultúr na dtionchairí.

Ach, de dheasca theacht chun cinn an chultúir dhigitigh chéanna, tá athrú tagtha ar an mbealach ina mbaineann daoine óga, ó Ghlúin Z agus níos óige go háirithe, súp as féilte ceoil, agus gigeanna i gcoitinne. Tá cuid den fhiántas caillte, dár liom, óir bíonn an óige róthógtha le físeáin a ghlacadh ar a ngutháin ag ceolchoirmeacha.

Is cosúil go bhfuil níos mó tábhachta i gceist leis an gceolchoirm a thaifeadadh agus a roinnt ar na meáin shóisialta chun spreagadh a fháil, nó eispéireas an cheoil agus an chomhluadair féin. Breathnaíonn cuid den ghlúin seo ar fhéilte mar “dheiseanna ábhar a chruthú” seachas mar eispéireas ann féin. Tá níos mó i gceist leis an damhsa ná an damhsa amháin – is deis é le físeán a scaipeadh go rábach agus cáil an té a scaip a mhéadú ar na meáin shóisialta. Cruthaíonn an cultúr seo óige atá fíor-fhéin-choinsiasach agus léiríonn an taighde gur drochrud é sin do mheabhairshláinte an dreama chéanna.

Mar sin, a Ghlúin Z, cuirigí na gutháin in bhur bpócaí nó sparáin agus bainigí taitneamh as an rogha leathan féilte atá faoi lánseol anois an chuid eile den samhradh!

An. Dr. Kerron Ó Luain

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.