Tá am na scrúduithe linn faoi láthair a chairde, mar sin guíimid ar ár léitheoirí atá i mbun scrúduithe stáit faoi láthair gach rath! Cinnte is am strusmhar é seo agus ní dhéanfaidh tú dearmad air go héasca riamh arís! B’fhéidir i gceann 20 bliain bheadh tromluí agat faoin am seo! Fós bíonn ceann amháin agam ina bhfuil mé ag tabhairt faoi scrúdú mata agus níl áireamhán agam!
Cuireann an t-am seo mé ag smaoineamh faoin gcóras ardteistiméireachta agus an bhfuil aon mhaitheas leis. Cinnte níl aon rud eile againn faoi láthair le cur i bhfeidhm, ach cruthaíonn sé an méid sin struis do dhaltaí na tíre seo. Chomh maith leis sin is cosúil nach ndéanann na pointí a bhíonn ann do na cúrsaí éagsúla ciall ar bith. Deirtear go bhfuil na cinn is airde mar sin mar gheall ar éileamh. Bíonn na pointí le haghaidh múinteoirí corpoideachais an-ard ar fad ach ní dóigh liom go bhfuil éileamh mór ar dhaoine a bhfuil fonn orthu a bheith ina múinteoirí corpoideachais.
Agus mé ag déanamh staidéir san ollscoil chun bheith i mo mhúinteoir, léigh mé leabhar faoi Scoil Éanna atá suite in Ráth Fearnáin a bhunaigh Pádraig Mac Piarais. Ba scoil an-éagsúil í Scoil Éanna i gcomparáid le scoileanna eile in Éirinn ag an am agus sa lá atá inniu ann. Dár leis an bPiarsach, ba é sprioc na scoile fir óga a ullmhú don saol. Ba chuma leis faoi ghráid agus bhí i bhfad níos mó suime aige i bhforbairt an dalta, béasaí, láidreacht idir fhisiciúil agus intinne, agus na daltaí a bheith ina nGaeil.
Dár ndóigh am difriúil a bhí ann agus tá gá le próiseas oifigiúil scrúdaithe a bheith againn chun measúnú a dhéanamh dhaltaí tar éis 15 bliana a bheith ag foghlaim ar scoil. Tá ardteist nua ag teacht isteach i mí Mheán Fómhair agus tá gá lena athrú, ach ag an am céanna níl múinteoirí sásta leis. Dár le múinteoirí a raibh mé féin i dteagmháil leo le déanaí níor cuireadh oiliúint bhreise ar fáil dóibh chun an curaclam nua a mhúineadh nó a thuiscint. Bhí vótáil ag Aontas Múinteoirí Éireann le déanaí agus dár leis an vóta bhí formhór na múinteoirí sásta leis na pleananna an tsraith shinsearach a athrú. Cibé rud a tharlóidh beidh le feiceáil céard atá i ndán do na múinteoirí. Ní rabhamar sásta leis na hathruithe ar an tsraith shóiseareach cúpla bliain ó shin agus táimid fós beo agus á múineadh ar aon chaoi!
I mbliana tá níos mó daltaí ag déanamh scrúduithe stáit ná riamh. Ciallaíonn sé sin go raibh níos mó daoine ina suí déanach aréir i mbun staidéir, níos mó daoine a fuair barróg mhór ó Mham agus iad ag dul amach an doras ar maidin, agus níos mó daoine a mbeidh faoiseamh orthu nuair a bhainfimid amach Dé Máirt an 24 den mhí seo nuair a bheidh sé go hiomlán críochnaithe!
Go n-éirí go geal lenár léitheoirí, go háirithe leo siúd a dhéanann an mhír léamhthuisceana gach seachtain!