Má bhí brú ar an rialtas maidir le cúrsaí tithíochta, léirigh imeachtaí an Choiste Oireachtais um Shláinte go bhfuil scannail na seirbhíse ag dul i líonmhaire, agus míshástacht an phobail mar gheall orthu.
“Níl muinín dá laghad ann i mbord Sláinte Leanaí Éirinn (SLÉ),” dúirt an Teachta Dála Martin Daly, Fianna Fáil, “ná sa bhainistíocht.”
Agus dúirt urlabhraí sláinte Shinn Féin, David Cullinane, go raibh a raibh ar siúl ag SLÉ “scanrúil”.
Bhí na polaiteoirí ag labhairt ag cruinniú den choiste a bhí ag scrúdú fheidhmiú SLÉ, agus liosta fada de cheisteanna conspóideacha os a gcomhair: ionphlandú spriongaí máinliachta neamhúdaraithe, líomhaintí maidir le hobráidí cromáin nach raibh gá leo, conspóid faoi liostaí feithimh fada d’obráidí dromlaigh, tuarascáil inmheánach a thaispeánann iompar míchuí agus cultúr gangaideach i gcuid SLÉ, chomh maith le himní faoi mhí-úsáid airgead an Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (CNCC) a úsáideadh chun liostaí feithimh ospidéil a laghdú.