Insíonn Caoimhín Ó Cadhla na scéalta a bhaineann le crógacht Chú Chulainn

Caoimhín Ó Cadhla

Bhreathnaíomar ar chúlra agus ar óige Chú Chulainn san alt deireanach. Anois breathnóimid ar na scéalta faoina laochas.

Bhí scileanna faoi leith ag Cú Chulainn: bhí sé sáraclaí, bhí sé go maith ag úsáid crann tabhaill, bhí sé in ann claíomh a láimhseáil, in ann ga a chaitheamh agus ga a sheachaint le sciath, agus bhí sé in ann uallfartach a úsáid chun cur isteach ar a naimhde. Bhí carbad agus dhá chapall aige, agus bhí sceana ar acastóir rotha a charbaid. Tá tagairtí do charbaid mar sin ag na Rómhánaigh ar an mór-roinn a léiríonn an nasc Ceilteach idir an mhór-roinn agus Éire. Ba iad ainmneacha a dhá chapaill Liath Mhacha agus Dubh Shainghleann. Cá as ar tháinig an dá chapall?  An scéal atá ann ná gur tháinig siad amach as loch ar dhá ócáid éagsúla agus gur cheansaigh Cú Chulainn iad trí mharcaíocht orthu timpeall na hÉireann ar fad thar oíche agus gur chríochnaigh siad suas in Eamhain Mhacha nuair a bhí siad ceansaithe.

Bhí uirlisí cogaidh iontacha aige chomh maith. Ba é an ceann is cáiliúla an ga bolga, ga deilgneach a ghortaigh an t-íobartach i go leor áiteanna ar an gcorp le buile amháin. Bhí sleá aige dar teideal an Duibhseach, sciath dubh ollmhór a raibh an focal “Dubhán” greanta air agus a sheas amach ó sciatha airgid na laochra Ultacha eile. Bhí deamhain ag screadach timpeall ai a chlogad, agus fuair sé scáthlán gréine ó dhia na farraige Manannán Mac Lir. 

Bhí trí dhath ina ghruaig, ceithre loigín dhathúla i ngach leiceann, seacht mac imrisc ina shúile, seacht méar ar gach lámh agus seacht méar coise ar gach cos. Caithfidh go mbainfeadh sé stangadh asat dá bhfeicfeá den chéad uair é!

Bhí cumhachtaí draíochta aige chomh maith. Bhí sé in ann a naimhde a stopadh agus iad ag iarraidh é a ionsaí trí theachtaireacht a scríobh in ogham. Bhí scéal eile ann go raibh mná ag déanamh scigmhagadh ar Chú Chulainn de bharr a óige. Fuair Cú Chulainn dos féir agus rinne sé ortha air agus cheap na mná go raibh féasóg ag Cú Chulainn dá bharr.

Bhí carbadóir ag Cú Chulainn darbh ainm Laegh a bhí leis i nach mór gach móreachtra. Spreagfadh sé Cú Chulainn nuair a bheadh iarracht mhór ag teastáil uaidh.

Sa chéad alt eile breathnóimid ar na móreachtraí a thuill clú agus cáil do Chú Chulainn.     

Má tá tú ag iarraidh tuilleadh a léamh faoi níl leabhar níos fearr ná Táin Bó Cuailgne le Darach Ó Scolaí ó Leabhar Breac.

Tá an cháilíocht Dioplóma do Chéimithe ag Caoimhín Ó Cadhla i mBéaloideas na hÉireann ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.