Craobh shóisir ag Clann na nGaelCluiche ceannais sóisir pheil na bhfear ag Comórtas Peile na Gaeltachta

Clann na nGael (an Mhí) 2-21
Naomh Náille (Dún na nGall) 0-15

Cóilín Duffy

Den chéad uair riamh i stair Chumann Chlann na nGael ó Ráth Chairn agus Baile Átha Buí, d’éirigh leo an chraobh a bhreith leo i gComórtas Peile na Gaeltachta, le bua láidir ina mbaile dúchais Dé Luain na saoire bainc.

Bhí foireann Néill Mhic Lochlainn ar fheabhas i gcluiche inar léirigh siad a bhfiúntas os comhair slua mór baile a thug tacaíocht láidir dóibh.

Ba chúiteamh cuí é seo ar an obair ollmhór a chuir siad isteach, ní hamháin le linn an deireadh seachtaine, ach le míonna agus blianta anuas ó fógraíodh gur i Ráth Chairn a bheadh an ócáid chlúiteach náisiúnta seo.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.