An pobal míshásta ach ag tacú leis an rialtas i gcónaí

Eoin Ó Murchú

Léiríonn pobalbhreith a foilsíodh in The Sunday Independent go bhfuil móramh den phobal, 61%, den tuairim go bhfuil géarchéim na tithíochta imithe chun donais ó tháinig an rialtas seo ar ais i gcumhacht anuraidh.

Dar leis an bpobalbhreith chéanna, áfach, tá níos mó tacaíochta ag an rialtas, Fianna Fáil, Fine Gael agus an chuid is mó de na neamhspleáigh, ná mar atá ag an bhfreasúra, 52% in aghaidh 48%, ach beagáinín éiginnteachta faoi roinnt de na neamhspleáigh.

Ní féidir ar ndóigh an dá fhigiúr seo a réiteach le chéile, go háirithe toisc go ndeirtear go rialta gurb í tithíocht an scéal is tábhachtaí don lucht vótála.

I ndáiríre tá an phobalbhreith ag rá nach bhfuil daoine sásta leis an gcaoi a bhfuil an rialtas ag tabhairt faoi ghéarchéim na tithíochta ach nach bhfuil siad sásta muinín a chur in aon rialtas malartach.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.