
Chuir sé déistin agus fearg orm nuair a chonaic mé an slua ag béiceadh amach a bhfuath d’inimirceoirí agus iad maisithe lenár mbratach naisiúnta, bratach atá ina siombail den aontacht idir na pobail a tháinig anseo le náisiún na Poblachta a chruthú.
Ní bhaineann, nó níor chóir go mbainfeadh, an bhratach le fuath, le gránnacht nó le bagairt.
Tá a fhios agam nach duine ciníoch gach duine a bhí ar an mórshiúl i mBaile Átha Cliath an deireadh seachtaine seo caite, ach tá a fhios agam gur lucht an chiníochais a d’eagraigh an mórshiúl agus a bhí le clos sna hóráidí a tugadh.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!