Tá an dul chun cinn i dtreo cluichí Gaelacha lán-chomhtháite ag dul ar aghaidh níos treallúsaí ná riamh tar éis forbairtí suntasacha sa Ghrúpa Stiúrtha ar Chomhtháthú (GSC). Bunaíodh an grúpa i mí Dheireadh Fómhair 2022 faoi chathaoirleacht iar-Uachtarán na hÉireann Máire Mhic Ghiolla Íosa agus an cúram acu rúin chomhdhála a ritheadh in 2022 a chur i bhfeidhm, a d’éiligh aontacht an Chumainn Camógaíochta, CLG agus Cumann Pheil na mBan.
Fuair na rúin ar chomhaontú tacaíocht ollmhór ag comhdhálacha na dtrí eagraíocht, le 92% de na baill ar fad ar son. Ó shin tá an próiseas ag bailiú nirt, le roinn meithleacha traschumainn anois ag feidhmiú go gníomhach ar ghnéithe bunriachtanacha a bhaineann leis an gcomhtháthú. Tarraingíonn na grúpaí seo ar shaibhreas saineolais agus taithí chun cabhrú riarachán, rialachas agus bonneagar na gcluichí Galacha a athmhúnlú.