Slogadh mór beartaithe chun an glas triarach a chosaint

Eoin Ó Murchú

Tá Conradh Neodracht Éireann le dlús a chur lena bhfeachtas in aghaidh phlean an rialtais an glas triarach a chur ar leataobh.

Faoin nglas triarach ní ceadmhach saighdiúirí Éireannacha a chur thar sáile ar mhisean coinneála síochána mura bhfuil toiliú ann ón rialtas, ón Dáil agus ó na Náisiúin Aontaithe.

Tugadh an riail isteach in 2001, nuair a theip ar chéad reifreann Chonradh Nice an Aontais Eorpaigh. Bhí faitíos ar vótóirí go mbeadh neodracht na hÉireann i mbaol agus brú orainn páirt a ghlacadh i misin mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh.

Thug rialtas na linne, rialtas a raibh Micheál Martin ina bhall de, gealltanas nach mbeadh aon chur isteach ar pholasaí neodrachta leis an nglas triarach seo. Leis an ngealltanas seo vótáladh ar son an chonartha an dara babhta.

Anois tá an rialtas ag moladh an gealltanas sin a bhriseadh, ag rá go dtugann an glas triarach cead crosta don Rúis, mar shampla, ar rannpháirtíocht na hÉireann i misin áirithe, toisc go bhfuil cros ag an Rúis i gComhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, mar atá freisin, ar ndóigh, ag na Stáit Aonaithe, ag an Ríocht Aontaithe, ag an bhFrainc agus ag an tSín.

Ag cruinniú de Chonradh Neodrachta Éireann in Óstán Gresham i mBaile Átha Cliath tá seachtain ó shin socraíodh go mbeidh slógadh mór agóide á reáchtáil acu ar an 14 Meitheamh i mBaile Átha Cliath le cur i gcoinne phlean an rialtais. 

Tá páirtithe clé na Dála go léir páirteach san iarracht seo. Ní raibh Páirtí an Lucht Oibre i láthair, ach dheimhnigh Duncan Smith, urlabhraí gnóthaí eachtracha an pháirtí, go bhfuil siad ag tacú leis. Bhí Sinn Féin, na Daonlathaithe Sóisialta, Pobal seachas Brabús, mar aon le neamhspleáigh ar nós Catherine Connolly agus Alice Mary Higgins, ag deimhniú go mbeidh siadsan páirteach sa slógadh.

Dúirt Uachtarán Shinn Féin, Mary Lou McDonald, go ndéanfaidh na páirtithe clé cogadh dearg in aghaidh phlean an rialtais. Dúirt sí freisin go mbeidh páirtithe an fhreasúra ag teacht le chéile chun cur i gcoinne an rialtais ar an ábhar seo.

Dúirt sí gur ag magadh a bhí an rialtas nuair a dúirt siad go bhfuil neodracht fós ann, ag rá go dtugann an rialtas sainmhíniú ar an bhfocal “neodracht” a bhaineann an chiall ar fad de.

Dúirt sí go bhfuil Conradh Neodracht Éireann soiléir go gciallaíonn neodracht nach mbeidh Éire páirteach in aon chogadh nó comhoibriú míleata, ach go mbeimid ag déanamh idirghníomh dearfach ar son réiteach síochánta a fháil ar choimhlintí idir stáit.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.