Seanchas nua – sceach gheal an M18 

Aedín Ní Thiarnaigh

Cara an scéalaí is ea í an áibhéil – agus moltar go minic dóibh siúd a bhíonn i mbun scéalaíochta gan ligean don fhírinne dul sa tslí ar scéal maith!

Bíonn muid mar lucht éisteachta ar an airdeall faoi seo agus cluas le héisteacht orainn ó thaobh an bhéaloidis de. Tuigeann muid gur dóichí ná a mhalairt go mbeidh rian den áibhéil ar chodanna áirithe de na scéalta a thagann chugainn ó ghlúin go glúin, ach an mbíonn muid chomh haireach céanna nuair a bhíonn seanchas “nua” i gceist? 

Bhí am den scoth agam an tseachtain seo agus scéalta den sórt seo á bplé agam le grúpa sa Bhruach Thoir i gContae na Gaillimhe. An cheist a bhí á cíoradh againn ná ceann de na finscéalta nua-aimseartha is mó a scaipeadh le 30 bliain anuas: “Eddie Lenihan, an Mótarbhealach, agus Sceach na Síog”.

Bhí an scéal seo go mór i mbéal an phobail siar in 1999 nuair a cuireadh tús le hobair ar mhótarbhealach gar do Chora Chaitlín i gContae an Chláir. Thug an scéalaí clúiteach Eddie Lenihan faoi deara ag an am go raibh an suíomh tógála fíorghar do chrann sceiche gile a raibh an-cháil uirthi sa dúiche mar sceach sióg. Dar leis an seanchaí, bheadh fíor-dhrochiarmhairtí i gceist dá ndéanfaí dochar ar bith don chrann úd – agus ba ar an gcaoi seo a cuireadh tús le hagóid a spreagfadh iriseoirí ar fud an domhain dul i mbun pinn. 

Má labhraíonn tú le duine ar bith in iarthar na hÉireann a bhfuil cur amach acu ar an gcás, nó má chuardaíonn tú an scéal ar Google go fiú, is é an freagra a gheobhaidh tú ná gur bhain Eddie, a chomhagóideoirí agus an lucht sí an bua amach i ndeireadh na dála. Mar a d’fhógair an Irish Times i mí na Bealtaine na bliana sin in alt dar teideal Fairy bush survives the motorway planners, fágadh an crann mar a bhí, agus athraíodh leagan amach an bhóthair le dul timpeall ar an sceach.

Casadh bean orm le déanaí áfach, a raibh comhrá an-suimiúil aici le duine de na hinnealtóirí a bhí ag obair ar an mótarbhealach míchlúiteach. Thapaigh sise an deis chun an t-innealtóir a cheistiú faoin scéal agus chuir an freagra a fuair sí iontas na gile uirthi.

“In ainm Dé ach go bhfuil mé bréan den scéal seo. Ní raibh muid riamh chun an crann damanta sin a leagan!”

Ba í an cor spéisiúil seo sa scéal a bhí á phlé agam an tseachtain seo, nuair a nocht duine den slua blúirín eolais ní ba shuimiúla fós leis an ngrúpa.

“An raibh a fhios agat gur dódh an crann sin go talamh tamall i ndiaidh an scéil sin?”

“Ná habair!” arsa muidinne, agus cneadanna á ligean asainn. 

“Dódh, i ndáiríre!” arsa seisean, “Chonaic mé é agus é dóite. Ní raibh fágtha tar éis na tine ach stumpa. Ach an bhfuil a fhios agaibh an rud ab aistí ar fad faoin scéal?”

“Céard é?” arsa muidinne, agus ár mbéal ar leathadh. 

“Nár fhás an sceach gheal as an nua arís?!”

“Ag magadh atá tú!” arsa sinne agus amhras mór orainn (cuireadh an dallamullóg orainn cheana féin maidir leis an gcrann seo, lenár gceart a thabhairt dúinn). 

“I ndáiríre atá mé!” arsa mo dhuine, “Bhí mé sa cheantar le déanaí agus thug mé cuairt ar an áit. Chonaic mé an sceach ag fás le mo dhá shúil féin”. 

Cad a d’fhéadfá a rá leis sin – ach gur cosúil go bhfuil draíocht sa chrann, i ndáiríre! 

Ach fiú mura bhfuil ann ach áibhéil … ná ligimis dó sin dul sa bhealach ar an mblúirín béaloidis ab fhearr a chuala mé le fada an lá!


Tá céim mháistreachta ag Aedín Ní Thiarnaigh i mBéaloideas agus Eitneolaíocht na hÉireann ó Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.