Léamhthuiscint: Léigh an sliocht thíos agus freagair na ceisteanna a leanas.
Tá aithne againn ar fad ar Shaoirse Ronan le fada fíorach an lá anois. Tá sí ar dhuine de na hÉireannaigh is cáiliúla ar domhan. Tá ainm Shaoirse Ronan go mór i mbéal an phobail in Éirinn ón mbliain dhá mhíle is a trí nuair a chonacthas í ar an teilifís den chéad uair sa tsraith teilifíse The Clinic a craoladh ar Raidió Teilifís Éireann. Ní raibh Saoirse ach naoi mbliana d’aois ag an am. Braithimid in Éirinn go bhfuil aithne na mblianta againn ar Shaoirse mar chonaiceamar í ag fás aníos os ár gcomhair amach ar an teilifís nó sa phictiúrlann. Is bean óg í Saoirse go fóill, níl sí ach cúig bliana is fiche d’aois, creid é nó ná creid, agus tá go leor bainte amach aici cheana féin i saol na haisteoireachta.
Rugadh Saoirse Ronan i Nua-Eabhrac i míle naoi déag nócha a ceathair. Is Éireannaigh iad a tuismitheoirí agus bhog siad abhaile go hÉirinn nuair a bhí Saoirse trí bliana d’aois. Is páiste aonair í agus tá sí ina cónaí anois sna Clocha Liatha i gContae Chill Mhantáin. Aisteoirí ba ea tuismitheoirí Shaoirse Ronan agus mar sin ba chuid lárnach dá saol ón tús í ceird na haisteoireachta. Go deimhin, bhí tionchar an-mhór ag a tuismitheoirí uirthi ón tús sa mhéid is gur chuir siad comhairle mhaith uirthi, go háirithe sna blianta luatha agus í ina cailín óg ag tosú amach ar bhóthar na haisteoireachta. Bliain mhór do Shaoirse ba ea an bhliain dhá mhíle is a seacht agus í trí bliana déag d’aois. Tugadh ról di sa scannán Atonement, scannán a raibh an-rath air, agus ainmníodh í do ghradam Oscar an bhliain sin. Ba í an seachtú duine ab óige a ainmníodh riamh do ghradam Oscar. Éacht sármhaith. Cé nár éirigh léi an gradam a thabhairt abhaile léi an babhta sin, bhí gaisce déanta aici ainmniúchán a fháil. Aisteoir mór le rá a bhí inti ag an bpointe sin i súile Hollywood gan dabht.
Tá gairm bheatha Shaoirse Ronan imithe ó neart go neart ón mbliain dhá mhíle is a seacht i leith. Deirtear go bhfuil buanna áirithe aici mar aisteoir, rud a chiallaíonn go mbíonn an-tóir ag stiúrthóirí Hollywood uirthi. Tá a cuid carachtar inchreidte, tá sé éasca tuiscint a bheith agat dóibh, agus tá Saoirse féin umhal agus an-ghairmiúil i mbun oibre. D’oibrigh Saoirse le maithe agus móruaisle Hollywood ó tháinig sí ar an bhfód trí bliana déag ó shin. Liosta le háireamh is ea na haisteoirí cáiliúla ar oibrigh sí leo, leithéidí Colin Farrell, Ed Harris, Eric Banna, Kate Blanchett, Keira Knightley, Susan Sarandon, James McEvoy agus mórán aisteoirí clúiteacha eile nach iad. Ina theannta sin, tá roinnt mhaith ainmniúchán faighte aici do na duaiseanna móra i saol na haisteoireachta, ar nós Oscars, Baftas agus Golden Globes.
Cé go bhfuil a lán ainmniúchán faighte ag Saoirse thar na blianta níl ach ceann amháin díobh buaite aici go nuige seo, agus b’in sa bhliain 2018 nuair a bhuaigh sí duais Golden Globe dá páirt sa scannán Lady Bird. Níl gradam Oscar buaite ag Saoirse go fóill. Ceapadh go forleathan go raibh an-seans aici i mbliana nuair a ainmníodh í don ghradam banaisteoir is fearr don ról a bhí aici sa scannán Little Women. Bhí ról Josephine “Jo” March aici sa scannán sin, a stiúraigh an stiúrthóir cáiliúil Greta Gerwig, agus bhí sí thar cionn ar fad. Ní uirthi a bhí an t-ádh, ámh, i mbliana nuair a bronnadh an gradam don bhanaisteoir is fearr ar Renee Zellweger. Níl aon amhras faoi ach go mbeidh rith an ráis le Saoirse Ronan lá éigin amach anseo, agus go dtabharfaidh sí gradam Oscar abhaile léi go dtí na Clocha Liatha. Go n-éirí go geal léi sna blianta fada atá amach roimpi agus í ag saothrú cheird na haisteoireachta. Níl srian lena a bhfuil i ndán di.
Ceisteanna buntuisceanna
- Cén bhliain a bhfactha Saoirse Ronan ar an scáileán in Éirinn den chéad uair?
- Cad as do thuismitheoirí Shaoirse Ronan?
- Conas a chabhraigh a tuismitheoirí léi nuair a thosaigh sí ag aisteoireacht?
- An dóigh leat go bhfuil éirithe go maith le Saoirse Ronan san aisteoireacht ón mbliain 2007 i leith? Tabhair dhá chúis le do fhreagra.
- An gceapann tú go bhfuil údar an tsleachta seo dóchasach go n-éireoidh le Saoirse Ronan gradam Oscar a bhuachan lá éigin sa todhchaí? Tabhair fianaise ón sliocht chun tacú le do fhreagra.
- Bunaithe ar an sliocht thuas ar mhaith leatsa a bheith i mbróga Shaoirse Ronan? Cén fáth? Tabhair dhá chúis ar a laghad le do fhreagra.