An raibh a fhios agat go ndéantaí dhá lá Bealtaine a cheiliúradh, an chéad lá de Bhealtaine agus an 12 Bealtaine?

Caoimhín Ó Cadhla

Conas, a deir tú, d’fhéadfadh dhá Bhealtaine a bheith ann? Baineann sé le féilirí. Ó aimsir na Rómhánach bhí féilire á úsáid ag formhór na hEorpa dar teideal féilire Iúil. Bhí an féilire seo bunaithe ar 365 lá agus lá sa bhreis gach ceithre bliana. Tá sé fós á úsáid ag Eaglais Cheartchreidmheach an Oirthir agus na Amaisigh. Bhí sé á úsáid ag an Eaglais Chaitliceach freisin ar feadh nach mór 1,600 bhliain. Ach ní raibh sé cruinn. Faoin 16ú haois bhí féilire Iúil 12.4 lá chun tosaigh.

Caitheann Vercingetorix a airm síos ag cosa Julius Caesar ag Léigear Alesia
Íomhá: Fearann ​​Poiblí

Réitigh an Pápa Gréagóir XIII an fhadhb seo trí fhéilire nua a chruthú, ar ar tugadh féilire Ghréagóra. De réir fhéilire Iúil bhí 365.25 lá sa bhliain, ach i bh bhféilire Ghréagóra tá 364.2425 sa bhliain. Is é fad na bliana go fíor ná 364.2422 lá. Tháinig féilire Ghréagóra i bhfeidhm in 1582.

De bharr na n-athruithe féilire seo tosaíodh ag ceiliúradh féilte 12 lá níos luaithe. Bhí daoine áirithe in ann dul i dtaithí air sin agus lean siad ar aghaidh ag ceiliúradh na bhféilte sin de réir an tseanfhéilre. Ceann de na féilte sin ba ea Bealtaine. Mar a deir duine amháin ón mBaile Láir i dTír Chonaill, ‘Tig sean-Bhealtaine seachtain i ndiaidh Lá Bealtaine.’

Ach dúirt duine eile ón mBaile Lár, ‘Bheirtear Oíche Bhealtaine nó Sean-Bhealtaine ar an oíche dheireannach de Bhealtaine. Ghnítear crann Bealtaine a chur os cionn an dorais.’

Mar sin ní raibh aontú fiú amháin sa cheantar céanna faoi dháta Sean-Bhealtaine.

Ach níorbh é Bealtaine an t-aon fhéile a bhí á cheiliúradh 12 lá níos déanaí. Bíonn na Fir Bhuí ag máirseáil ar an 12 Iúil chun comóradh a dhéanamh ar Chath na Bóinne a tharla ar an 1 Iúil de réir an tseanfhéile, ach ar an 11 Iúil de réir fhéilire Ghréagóra. Níor ghlac an Bhreatain le féilire Ghréagóra go dtí 1752, agus mar sin nuair a thosaigh comóradh ar Chath na Bóinne bhí féilire Iúil fós in n-úsáid.

Tá an cháilíocht Dioplóma do Chéimithe ag Caoimhín Ó Cadhla i mBéaloideas na hÉireann ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.