Níl mórán ama ag an rialtas le plean nua eacnamaíochta a aimsiú

Eoin Ó Murchú

Dea-scéal agus drochscéal ó thaobh na heacnamaíochta, ach an rialtas fós ag breathnú ar an scéal gan tuairim ar bith acu céard is ceart a dhéanamh nó céard is féidir a dhéanamh.

An dea-scéal ar dtús. Ta na sonraí fós le hoibriú amach ach tá osna faoiseamh ar fud an domhain go bhfuil socrú sealadach bainte amach ag na Stáit Aontaithe agus an tSín. Tá an cogadh trádála ar sos, agus tá dóchas ann, san Aontas Eorpach go háirithe, go mbeidh an cur chuige dáiríre seo ina eiseamláir do na cainteanna trádála eile, idir an AE agus SAM freisin ar ndóigh.

Tá mé féin beagáinín amhrasach an léiriú an socrú mór seo go bhfuil a leithéid i ndán don AE freisin. Go bunúsach níl an AÉ comh tábhachtach sin do SAM agus atá an tSín.

Ar ndóigh tá muid ag foghlaim cé comh deacair is atá sé Trump a mheas i gceart. Is cosúil go dtosaíonn sé le héileamh iomarcach éigin, ach ansin go dtarraingíonn sé siar píosa go dtí go bhfaigheann sé an socrú b’fhéidir a bhí ar intinn aige ón tús.

Ach ní fheicim cúis ar bith go maolóidh sé a sheasamh i leith na hEorpa, go háirithe agus iad ag iarraidh an aidhm mhór atá aige a chur as a riocht, sé sin glacadh le bua na Rúise i gCogadh na hÚcráine.

Maidir leis sin, ba ábhar gaire é, murach go bhfuil an oiread sin daoine ag fáil bháis, gur labhair na hEorpaigh amach go dána ag rá nach mbeadh aon chainteanna idirbheartaíochta maidir le réiteach an chogaidh ann gan sos comhraic 30 lá roimh ré.

Mura ngéillfeann an Rúis don ordú seo beidh smachtbhannaí breise, níos géire na riamh, sea, arís, ar an Rúis.

Ar ndóigh níor ghéill an Rúis agus dúirt Trump, go pras agus go borb, le Zelensky éirí as an gcipiléaracht agus dul i mbun cainteanna láithreach.

Is dócha go ndéanfaidh Zelensky iarracht rudaí a chur as a riocht arís, agus é ag brath ar an Eoraip seo gan neart, ach cibé cor casta a dhéanfaidh sé níl aon neart ag an Eoraip, agus beidh orthu géilleadh don fhírinne luath nó mall.

Ach ní chuirfidh Trump fáilte roimh an gcúnamh doicheallach sin. Ceapaim go mbeidh tionchar aige seo ar aon chainteanna eacnamaíochta.

Sin é an dea-scéal, más dea-scéal ar fad é.

Agus an drochscéal.

Tá faitíos orainn, agus ceart againn a bheith faitíosach, go mbeimid thíos go mór leis má dhéanann Trump beart a chuirfidh isteach ar an tionscal cógaisíochta anseo.

Bhuel, tá an beart déanta.

Ag an deireadh seachtaine shínigh sé ordú le hiachall a chur ar chomhlachtaí cógaisíochta a gcuid earraí a dhíol i Meiriceá ar an bpraghas céanna is a dhíoltar iad sa tír is lú an praghas dóibh.

Mura n-éiríonn leis na cúirteanna an beart seo a chur ó mhaith laghdóidh costas cógas i Meiriceá, ach laghdóidh sé brabús na gcomhlachtaí freisin.  Ciallaíonn sé sin láithreach go mbeidh níos lú cánach le híoc ar a mbrabúis, agus níos lú airgid mar sin ag teacht isteach sa státchiste anseo.

Tá na bearta seo níos éifeachtaí ná taraifí mar beidh costas cógas i Meiriceá ag dul síos, costas a bheadh ag dul suas le taraifí.

Laghdóidh sé láithreach chuid mhaith den bhuntáiste a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh in Éirinn in ionad é a dhéanamh. Seo cuid mhór d’aidhm Trump.

Ní chaillfimid na jabanna thar oíche, ach san fhadtéarma is léir go mbeidh laghdú mór ar líon na n-infheistíochtaí sin, agus laghdú dá réir ar theacht isteach an stáit agus ar mhéid na fostaíochta a chruthaíonn siad.

Agus céard atá an rialtas a dhéanamh? Tada. Tá siad bailithe le chéile i gcúinne éigin, ag gol le chéile agus gan tuairim acu cén chaoi múnla nua eacnamaíochta a chur le chéile.

Tá a fhios againn go bhfuil deireadh ag teacht leis an seanmhúnla, ag brath ar infheistíocht ó thar lear, ó Mheiriceá, go háirithe, agus, cé go bhfuil beagáinín ama againn go fóill le plean eile  chur i bhfeidhm, tá an t-am ag ídiú orainn.

Creidim go mbeidh sé riachtanach an stát féin a úsáid le hinfheistíocht a dhéanamh go díreach agus fostaíocht a chruthú. Tiocfaidh a leithéid salach cinnte ar rialacha an Aontais Eorpaigh, ach cén rogha atá ann? 

Mura bhfuil an rialtas sásta dul síos bóthar an neamhspleáchais, caithfidh siad rogha eile a aimsiú faoi dheifir, ach is beag comhartha atá ann go bhfuil tuairim ar bith acu céard é.

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.