Gabhadh beirt ghníomhaithe ar son na Palaistíne faoi amhras damáiste coiriúil a dhéanamh le greamáin ar uathmheaisín bainc

Gabhadh Sue Pentel agus Martine McCullough Dé Sathairn seo caite i mBéal Feirste agus iad i mbun agóide ar son na Palaistíne

Jack Mac Íomhair

Dé Sathairn seo caite bhí agóid taobh amuigh de bhanc Barclays ar Phlás an Chaisleáin i mBéal Feirste. Bhí gníomhaithe de chuid chraobh Bhéal Feirste d’Fheachtas Dlúthpháirtíochta na hÉireann leis an Phalaistín ag déanamh agóide in éadan na nascanna atá ag an bhanc le comhlachtaí cosanta in Iosrael. Dúirt Sue Pentel, ‘go bhfuil Barclays ar cheann de na bainc is mó a bhíonn ag láimhseáil bannaí cogaidh rialtas Iosrael.’ 

Gabhadh Sue, 72, agus gníomhaí eile, Martine McCullough, atá ina 50í, taobh amuigh den bhanc faoi amhras damáiste coiriúil a dhéanamh. Cuireadh greamáin ar uathmheaisín bainc. Tá cosaint déanta ag SPTÉ ar an mhéid a rinne siad. Dúirt an Leas-Phríomhchonstábla Ryan Henderson gur amharc siad ar fhíseán cheamaraí colainne na n-oifigeach agus go measann sé go raibh gníomhartha na n-oifigeach ‘dleathach agus comhréireach.’

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.