Forógra síochána faoi lánseol ag grúpa nua síochána

Cathal Ó Murchú

Dé hAoine an 9 Bealtaine seo caite d’fhógair an grúpa síochána Lex Innocentium, atá mar chuid de Thogra Síochána na hEorpa, An Forógra Eorpach ar son na Síochána lasmuigh d’Ard-Oifig an Phoist i gcroílár Bhaile Átha Cliath. Bhí léirsithe eile ag Togra Síochána na hEorpa ar fud na hEorpa inar léadh amach an An Forógra Eorpach ar son na Síochána san iliomad teangacha. In Éirinn léigh gníomhairí síochána amach an Forógra i nGaeilge agus i mBéarla i nDroichead Nua ag an am céanna.

Tá sé suntasach go ndearnadh an forógra seo cothrom an lae 80 bliain ó shin nuair a cloíodh an Faisísteachas nuair a d’ardaigh an tArm Dearg an bhratach dhearg os cionn an Reichstag, eachtra a léirigh deireadh leis an bhfaisísteachas agus leis an Dara Cogadh Domhanda san Eoraip. Bua ollmhór ag na Sóivéidigh go háirithe ar na Naitsithe a bhí ann, ach bua ar íoc siad go rídhaor as. Fuair 27 milliúin acu bás sa chogadh sin, an cogadh is measa i stair an chine dhaonna. Meastar gur maraíodh 60 milliúin duine san iomlán.

Grúpa frithchogaíochta Éireannach is ea Lex Innocentium, agus i measc na gcainteoirí a léigh amach an Forógra lasmuigh d’Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath agus a thacaigh leis bhí John Maguire (AFRI, Action from Ireland), Catherine Connolly (TD neamhspleách), Miriam English (Lex Innocentium) agus Seán English (údar leabhar). I nDroichead Nua, ina measc iad siúd a tháinig amach ar son an Fhorógra bhí Shónagh Ní Raghallaigh (TD de chuid Shinn Féin), Trish Ni Fhoghlú (an Comhaontas Glas) agus Carmel Delaney (gníomhaí síochána).

Chun an Forógra Eorpach ar son na Síochána a léamh, cliceáil ar an nasc thíos: https://www.amri.ie/wp-content/uploads/2025/05/Peace-Manifesto-PDF-2.pdf

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.