Tá an t-ádh dearg linn na laethanta seo mar gheall ar an dea-aimsir! Mothaíonn sé gur fada an lá ó fuaireamar tréimhse fhada báistí. Tuairiscítear go bhfuil aimsir na tréimhse seo ag sárú a bhfuil ar taifead. Ag deireadh na míosa seo caite taifeadadh an teocht is airde riamh i mí Aibreáin in Éirinn, 25.9 celcius in Áth an Rí i gContae na Gaillimhe ar an 30ú Aibreán. Le cúnamh Dé beidh an aimsir seo linn ar feadh seal eile, ach cuireadh ag smaoineamh mé le déanaí faoi thréimhsí eile adhaimsire.
Seasann samhradh 2018 amach i m’intinn mar shamhradh iontach. Níor chuir sé báisteach ar feadh trí mhí. Bhí mé ag obair mar fhreastalaí beáir ag an am agus bhí an áit plódaithe gach uile lá le daoine amuigh ag baint sult as an ngrian agus ag ól piontaí. Bhí cosc i bhfeidhm ar phíobáin uisce agus is maith is cuimhin liom gairdín m’athar ag streachailt go mór. Bhí an féar gach áit buí. Rud thar a bheith suimiúil a tharla sa tréimhse seo ná gur thit leibhéal an uisce chomh fada sin i dtaiscumar Pholl an Phúca go rabhthas in ann an sráidbhaile tréigthe ar an ngrinneall a fheiceáil. Is cuimhin liom chomh maith an lá ar tháinig deireadh leis an dea-aimsir in 2018. Bhí mé fós ag obair san áit chéanna i dtús an fhómhair timpeall mhí Lúnasa agus ní raibh mórán daoine ann. Go tobann d’imigh an ghrian agus thosaigh sé ag stealladh báistí agus b’in deireadh leis an dea-aimsir.
Ní ba luaithe an bhliain chéanna dár ndóigh bhí tréimhse an-fhuar againn leis an diabhal Torathar ón Oirthear! Bhí scoileanna dúnta agus díoladh go leor aráin. Lá amháin i rith na tréimhse seo ghlan m’athair an cabhsa ar maidin agus faoi am lóin bhí sé clúdaithe le sneachta domhain arís! Bhí an loch sa pháirc áitiúil reoite agus bhí an-am ag páistí na tíre ag déanamh fir shneachta agus íoglúnna.
Cuimhneoidh ár léitheoirí níos sine ar Hairicín Charley in 1986. Fós bíonn mo mháthair agus m’athair ag labhairt faoi ó ham go chéile. Thosaigh an hairicín amach ó chósta Carolina Theas sna Stáit Aontaithe ar an 15 Lúnasa 1986. Thosaigh sé ag cur báistí go trom in Éirinn ar an 24 Lúnasa agus an mhaidin dár gcionn thit 12mm de bháisteach ar Chathair Chorcaí. Thit suas le 200mm báistí ar Shléibhte Bhaile Átha Cliath. Fuair cúigear bás de bharr damáiste stoirme agus bhí luach 6 mhilliúin punt de dhamáiste déanta nuair a bhí sé thart.
Bhí stoirm amháin chomh dona sin go bhfuil ainm faoi leith aige agus fós déantar staidéar uirthi i scoileanna beagnach 200 bliain ó tharla sé. Táim ag labhairt dár ndóigh faoi Oíche na Gaoithe Móire. Tharla an stoirm shuntasach seo ar an 6 Eanáir 1839 agus fuair thart ar 500 duine bás in Éirinn agus Sasana araon. Chuaigh go leor long i Muir Éireann go tóin poill, lena n-áiríear an Pennyslvannia, long ó Nua-Eabhrac a bhí ag seoladh ó Learpholl nuair a chuaigh sí síos. Bhí an stoirm chomh suntasach sin mar eachtra go raibh sé ar cheann de na ceisteanna a chuirtí ar seandaoine lena n-aois a thomhas agus iad ag iarraidh clárú do Dhaonaireamh 1901, an cuimhin leat Oíche na Gaoithe Móire?
Tá éiginnteacht ann faoi cé chomh fada a rachaidh an dea-aimsir seo ar aghaidh, ach agus í linn tá sé thar a bheith tábhachtach sult as bhaint aisti. Mar sin de má tá an seans agat an deireadh seachtaine seo téigh amach faoin aer, imir píosa spóirt agus ceannaigh uachtar reoite! Sin an plean atá agamsa ar aon nós!