Le cúpla mhí anuas tá sé feicthe againn go bhfuil an tUachtarán Trump sásta taraifí a chur i bhfeidhm ar an domhan ar fad. Tá agus beidh tionchar aige seo ar gheilleagar an domhain, geilleagar dhá na tíre seo san áireamh. De bharr na n-athruithe seo tá luach na stocmhargaí ag titim. 

Tá baol ann go mbeidh cúlú eacnamaíoch ann. Cuimhnímid cé chomh dona is a  bhí cúla eacnamaíochta 2008/2009. Sa stát ó dheas bhí duine as ochtar gan obair, bhí an eisimirce chomh hard sin go raibh go leor clubanna CLG ann nach raibh in ann 15 a fháil chun an fhoireann a chur chu páirce, bhí ardú ar fhéinmharú agus chuaigh líon na ndaoine gan dídean suas agus níor stop fós. 

Ceann de na fáthanna gur tharla an cúlú eacnamaíoch seo ná de bharr fiacha ollmhóra a bheith ag an stát. In 2008 bhí €117 billiún d’fhiacha poiblí ag an stát, tar éis tharrtháil na mbanc, nuair a ghlacamar le 27% d’fhiacha an limistéir euro, chun an euro a shábháil. Inniu tá €225.9 billiún d’fhiacha poiblí ag an stát, nach mór dhá oiread fhigiúr 2008. 

Tá rialtas Stáit Aontaithe Meiriceá ag iarraidh taraifí 25% a chur ar earraí cógaisíochta as Éirinn, rud a dhéanfaidh dochar mór don gheilleagar. Is gá, mar sin, don stát tástáil struis a dhéanamh ar an ngeilleagar agus smaoineamh ar mholtaí chun cúlú eacnamaíoch a laghdú. 

Cé go bhfuil an geilleagar ag déanamh go maith as easpórtála chun na Stát Aontaithe, is gá anois breathnú ar mhargaí nua chun an laghdú ioncaim a sheachaint. Ba chóir dúinn breathnú ar mhargaí BRICS a bhfuil an margadh trádála is mó ar domhan ann le 35% de OTI an domhain acu, níos mó ná OTI an G7.  

Caoimhín Ó Cadhla

An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.