Mar Ghaeil, mar dhaoine daonna a sheasann i gcoinne an chinedhíothaithe sa Phalaistín, ní mór dúinn seasamh le Kneecap. Tá an grúpa faoi ionsaí i láthair na huaire, ní hamháin ó na mórmheáin chorparáideacha sheoiníneacha agus Shíónacha, ach ó stát na Ríochta Aontaithe chomh maith. Tá “aonad sceimhlitheoireachta” i bpóilíní Shasana ag fiosrú ar chóir an banna a ionchúiseamh i ngeall ar “thacaíocht a léiriú don sceimhlitheoireacht”. Agus deir an Príomh-Aire, “Sir” Keir Starmer, go bhfuil sé “ceart” go mbreathnódh na póilíní ar ráitis a rinne Kneecap. Níor deineadh aon imscrúdú ar Starmer féin nuair a d’áitigh sé go raibh sé “de cheart ag Iosrael” uisce na bPalaistíneach a ghearradh.
Tá seantaithí ag muintir na hÉireann, go háirithe Éireannaigh na sé chontae, ar chleasanna salacha stát Shasana. Bhí an cogadh sna sé chontae ó 1969 ar aghaidh breac le brathadóirí agus gníomhairí rúnda státchóras Shasana a d’fheidhmigh i gcoinne shaoirse na tíre, mar a léiríonn cáipéisí agus fianaise atá á scaoileadh le blianta beaga anuas.
Ó chuala aos óg SAM teachtaireacht Kneecap ar son na Palaistíne ag féile cheoil Coachella, tá fórsaí antoisceacha ag feidhmiú ina gcoinne. Tá saoirse cainte ealaíontóirí i gcoitinne i mbaol. Shínigh scata bannaí agus ceoltóirí, lena n-áirítear Christy Moore, Damien Dempsey, Massive Attack agus Primal Scream, ráiteas a thacaíonn le cead cainte bannaí ceoil, agus ba chóir fáiltiú roimhe sin, óir is cosúil go bhfuil lucht rachmais an tionscail ceoil sásta Kneecap a “chealú”.
An rud is measa faoi seo ná go bhfuil aird á díriú ar ráitis bhanna ag ceolchoirmeacha a tharla roinnt blianta ó shin seachas ar an slad atá ar bun ag Iosrael sa Phalaistín anois díreach. Is mithid neamhaird a dhéanamh den aos polaitiúil agus tacú le seasamh Kneecap a cháineann gníomhaíochtaí Iosrael.
Kerron Ó Luain