Crannchur déanta do Chorn Mhig Uidhir agus Corn Tailteann

Cóilín Duffy

Beidh Baile Átha Cliath ag tabhairt aghaidh ar bhuaiteoirí chluiche ceannais Chonnacht idir Gaillimh agus Maigh Eo, ar chailliúnaithe chluiche ceannais Uladh idir Dún na nGall agus Ard Mhacha, agus ar Dhoire i ngrúpa báis.

Tharla crannchur chéim na ngrúpaí do Chorn Mhig Uidhir agus Corn Tailteann i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna Dé Céadaoin. Tar éis dóibh a bheith buailte ag an Mhí i gcluiche leathcheannais Laighean Dé Domhnaigh seo caite, réimníodh Baile Átha Cliath sa tríú háit. Beidh siad ag tabhairt aghaidh ar bhuaiteoirí chluiche an Domhnaigh i bPáirc Mhic Éil ar dtús.

Beidh buaiteoirí chluiche ceannais Uladh, atá le bheith ar siúl Dé Sathairn an 10 Bealtaine i gCluain Eois, i ngrúpa 1 le tánaistí Chonnacht, Tír Eoghain, agus an Cabhán.

I ngrúpa 2 rachaidh buaiteoirí chraobh Mumhan in aghaidh chailliúnaithe chluiche ceannais Laighean, chomh maith le Ros Comáin agus Corcaigh.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!