Comharthaíocht dhátheangach le dul in airde i mbeagnach 100 baile, sráidbhaile agus lonnaíocht ar fud Ard Mhacha agus an Dúin

D’aontaigh comhairleoirí i gComhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin comharthaíocht do 89 pobal, in ainneoin cur i gcoinne ag aontachtaithe.

Jack Mac Íomhair 

Cuirfear tús le próiseas chun comharthaíocht dhátheangach a chur in airde in 89 pobal idir bhailte, shráidbhailte agus lonnaíochtaí ar fud Ard Mhacha agus an Dúin. Bhí cur i gcoinne ag Aontachtaithe sa chomhairle áfach, iad ag rá go raibh an gníomh, ‘radacach agus míloighciúil.’

Cháin an Comhairleoir Henry Reilly ó Pháirtí Aontachtach Daonlathach (PAD) an méid a bhí le rá ag ball tionóil de chuid an Pháirtí Shóisialta agus Dhaonlathaigh an Lucht Oibre (PSDLO), Cara Hunter. Dúirt Hunter go raibh agóidí in éadan na Gaeilge bunaithe ar dhearcadh coilíneach. Dúirt Reily go dtéann a shinsearacht i bhfad siar i stair na hÉireann.

Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!
An Páipéar
Forbhreathnú Príobháideachais

Bainimid úsáid as fianáin ar an suíomh seo chun an taithí úsáideora is fearr agus is féidir a sholáthar duit. Stóráiltear eolas fianáin i do bhrabhsálaí, agus cabhraíonn siad linn tú a aithint nuair a fhilleann tú ar an suíomh. Cuidíonn siad freisin lenár bhfoireann tuiscint a fháil ar na codanna den suíomh is suimiúla agus is úsáidí duit.