An Dr. Fearghal Mac Bhloscaidh

Grianghraf: Leabharlann Náisiúnta na hÉireann/Flickr
Cé go raibh an chríochdheighilt ann ó 1920, bhí dóchas ag náisiúnaithe go laghdófaí Tuaisceart Éireann chomh mór sin nach mbeadh an stáitín inmharthana. Faoin Chonradh Angla-Éireannach bhí neamhspleáchas teoranta ag an tSaorstát, ach bhí an teorainn go fóill gan réiteach. Cuireadh Coimisiún na Teorann ar bun in 1925 leis an chríochdheighilt a shocrú, próiseas a mhairfeadh blian agus a bhí lán conspóide. Sa deireadh d’fhán an teorainn mar a bhí agus fágadh náisiúnaithe ar an trá fholamh.
I ndiaidh an Chonartha, tugadh bliain do rialtas shé chontae Thuaisceart Éireann roghnú fanacht sa Ríocht Aontaithe. Ach bhí ceantair acu go fóill ina raibh tromlach náisiúnach, go háirithe Tír Eoghain agus Fear Manach. Mar a mhaígh David Lloyd George, “men will die for Throne and empire. I do not know who will die for Tyrone and Fermanagh”. Bhí an draoi Breatnach chun neamhaird a dhéanamh de cheist na teorann agus díriú ar an Impireacht. Mar sin b’ionann Coimisiún na Teorann agus dallamullóg ar Art Ó Gríofa go háirithe. Chreid Ó Gríofa gach uile fhocal agus scríobh chuig de Valera i Samhain 1921 go bhfaigheadh an Saorstát “an chuid is mó de Thír Eoghain, d’Fhear Manach, agus cuid d’Ard Mhacha, agus den Dún,” agus go mbeadh ar aontachtaithe Uladh glacadh le haontú na tíre. Shínigh sé meabhrán nach mbrisfeadh sé na cainteanna ar cheist Uladh – bhí an beart déanta ag Lloyd George. I ngan fhios d’Art, pótaire báite i bhfuisce i rith na gcainteanna, bhronn Lloyd George cumhachtaí slándála ar rialtas Craig roimh dheireadh na comhdhála agus ní raibh sé ar intinn ag an Bhreatain meall créafóige a thabhairt don Deisceart. Ar an 5 Nollaig, ghéill Ó Gríofa ar Ulaidh agus shínigh toscaireacht na hÉireann an Conradh gan dul i gcomhairle le Baile Átha Cliath. An lá dár gcionn, dúirt Lloyd George lena chomh-aireacht go dtabharfadh Coimisiún na Teorann “ní ba mhó ná mar a chaillfeadh sé” do rialtas Craig. Sop in áit na scuaibe ón tús.
Faoi Alt XII shocrófaí an teorainn de réir thoil na ndaoine, ach chuir na Sasanaigh clásal leis go gcuirfí “cúinsí eacnamaíocha agus tíreolaíocha” san áireamh. Seachas pobalbhreith mar ba nós ar an mhór-roinn, d’fhágfaí an focal scoir ag triúr coimisinéirí, Eoin Mac Néill, ionadaí an tSaorstáit, Joseph R. Fisher, ionadaí neamhoifigiúil an Tuaiscirt, agus an Breitheamh Richard Feetham ón Afraic Theas mar chathaoirleach ‘neodrach’ nó “Feetham Cheat ’em” mar a thug na náisiúnaithe air! Toirt gan tairbhe a bhí i Mac Néill. Chloígh sé le comhaontú obair an Choimisiúin a choinneáil rúnda, ach ní dhearna Fisher beart de réir briathair, agus bhí an lámh in uachtar ag rialtas na n-aontachtaithe mar gheall air sin. Ní raibh Rialtas na Breataine ag iarraidh dáiríre go mbeadh athrú ar bith ann agus dhiúltaigh rialtas Craig páirt a ghlacadh sa phróiseas, agus mhaígh nach ngéillfeadh siad orlach don tSaorstát. Fán am seo, bhí Cogadh na gCarad thart agus bhí fórsa míleata níos mó ná Arm na hOstaire ag rialtas Bhéal Feirste! Sa deireadh mhol an Coimisiún na sé chontae a choinneáil mar a bhí, ach athruithe beaga ar an teorainn anseo agus ansiúd, gan tábhacht ó thaobh daonra ná talaimh de. Bhí Mac Néill ag súil le hathrú mór, ach nuair a thuig sé nach mbeadh, d’éirigh sé as agus chruthaigh géarchéim rialtais i mBaile Átha Cliath.
I mBealtaine 1924 d’admhaigh James Mayne, iar-cheannasaí na bpríosúnach Poblachtach ar an bhád géibhinn an Argenta, gur ‘caimiléirí iad gach dream a bhaineann leis’ an Choimisiún. ‘Níl ionainn ach fichillíní i gcluiche suarach.’ Nuair a cuireadh cosc ar na torthaí i ndiaidh do Fisher iad a sceitheadh chuig an Morning Post i Samhain 1925, chaill náisiúnaithe cois teorann dóchas. Le fírinne, ba dhócha go mbeadh an toradh seo ann ón tús. Gheall Rialtas na Breataine cros ar aon torthaí nach mbeadh sásúil d’Aontachtaithe. Léirigh fosta ceapachán Feetham nach idirghabhálaí ‘neodrach’ í an Bhreatain. Ar an 3 Nollaig 1925 d’aontaigh Baile Átha Cliath an teorainn reatha a choinneáil agus fiach impiriúil an tSaorstáit a chur ar ceal. Mar a dúirt de Valera, ‘dhíol an Saorstát muintir Uladh ar cheithre phunt an ceann’ chun ‘fiacha nach raibh orainn a ghlanadh’. Mar bharr ar an donas, theip ar Bhaile Átha Cliath aon lamháltas a bhaint as Craig maidir le leatrom a laghdú in éadan an mhionlaigh Chaitlicigh ó thuaidh. Faoi 1929 scoir na hAontachtaithe an vóta ionadaíoch cionmhar agus rinneadh claonroinnt ar na toghcheantair pharlaiminteacha ó thuaidh. Bhí an lá le Craig. Ach cuireadh fiacla dragain ó thuaidh a thiocfadh in inmhe níos moille nuair a thosaigh Cumann Chearta Sibhialta Thuaisceart Éireann i dTír Eoghain agus i nDoire, áiteanna ar cheart a bheith ar thaobh eile na teorann de réir “thoil na ndaoine”!