
Bhí osna ard faoisimh le clos sa Choimisiún Eorpach nuair a tháinig an toradh isteach ó thoghchán uachtaránacht na Rómáine, agus an bua, más fíor, ag an iarrthóir atá ar son an Aontais Eorpaigh, Nicosur Dan.
Sa chéad bhabhta bhí an t-iarrthóir frith-Eorpach, George Simion, go mór chun tosaigh, le 40% in aghaidh 20%, agus tá lucht tacaíochta Simion ag tabhairt le fios go raibh caimiléireacht mhór ar siúl le bua a bhaint de Simion.
Sin é, ar ndóigh, a tharla sa chéad iarracht toghchán a reáchtáil nuair a tháinig an t-iarrthóir ar son na Rúise, Calin Georgescu, sa chéad áit agus gach seans go mbeadh an bua aige.
Caithfidh tú a bheith logáilte isteach chun an t-ábhar seo go léir a fheiceáil. Logáil isteach le do thoil. Nach síntiúsóir tú? Bí linn!