
Grá lem’ anam mo pháistín fionn
A bhfuil a croí is a haigne ag gáire liom
A cíocha geala mar bhláth na gcrann
Is a píob mar eala lá Márta
Curfá:
Is tusa mo rún, mo rún, mo rún
Is tusa mo rún is mo ghrá geal
Is tusa mo rún is mo chumann go buan
Sé mo chreach gan tú agam ó do mháithrín
Cara mo chroí, mo pháistín fionn
A bhfuil a dá grua ar lasadh mar bhláth na dtom
Tá mise saor ar mo pháistín fionn
Ach amháin gur d’ólas a sláinte
(Curfá)
Dá mbéinnse sa bhaile ina bhfuil súgradh is greann
Nó idir dhá bhairille lán de leann
Mo stóirín i m’aice is mo lámh faoina ceann
Nach súgach a d’ólfainn a sláinte
(Curfá)
Chaith mé naoí n-oíche i mo luí go bocht
Sínte faoí dhíleann idir dhá thor
A chumann mo chroí, is mé ag smaoineamh ort
Is ná faighinnse le fead ná le glaoch thu
(Curfá)
Tréigfead mo chairde is mo mhuintir ghaoil
Tréigfead a maireann de mhnáibh an tsaoil
Ach ní thréigfead lem’ mharthain thú, a stór mo chroí
Nó go síntear i gcónra faoí chlár mé.